Stíl idirnáisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma a tugadh sna Stáit Aontaithe ar stíl nua ailtireachta a saothraíodh san Eoraip go príomha ó na 1920idí. Tugadh an Ghluaiseacht Nua-Aoiseach uirthi freisin. I measc a saintréithe bhí cruthanna geoiméadracha, easpa maisithe nó tagairtí stairiúla, ballaí bána rindreáilte, díonta cothrománacha, fairsingí móra gloine, agus ceapacháin neamhshiméadracha. Cuireadh i bhfeidhm ar dtús í i scéimeanna tithíochta caighdeánaithe do dhaoine ar ioncam íseal.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stíl idirnáisiúnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.