Stánphláta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leathán tanaí cruach, clúdaithe le stán trí thumadh i stán leáite, nó leictreaphlátáil. Úsáidtear é chun boscaí éadroma láidre agus tógálacha cosanta a dhéanamh. Ar eolas ó dheireadh an 17ú céad, ach níor baineadh mórán feidhme as gur ceapadh cannú go luath sa 19ú céad, agus is tábhachtach an tionscal cannaithe ar fud an Domhain faoi seo.