Sreabhán scáineach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid den sreabhán eachtarcheallach atá taobh amuigh den chóras soithíoch agus a thimpeallaíonn cealla na bhfíochán in ainmhithe. Tugtar an sreabhán fíochánach air freisin, agus an sreabhán idircheallach. Ina chomhdhéanamh tá sé cosúil le plasma na fola, ach amháin nach bhfuil ach tiúchan beag próitéiní ann (de bhrí go bhfuil tréscaoilteacht an-íseal do phróitéiní an phlasma ag na ribeadáin).