Sreabhán incheallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sreabhán taobh istigh de chealla bitheolaíocha (an cíteaplasma). I nduine fásta bíonn timpeall 28 líotar de. Ní hionann a chomhdhéanamh i ngach fíochán, mar braitheann sé sin ar fheidhmeanna ar leith na bhfíochán. Chomh maith le huisce, is iad a phríomhchomhábhair ná iain photaisiam, fosfáití orgánacha, is próitéiní.