Sponc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil le ríosóim fhada scothbhána atá dúchasach don Eoraip, iarthar is tuaisceart na hÁise, agus tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga uile bunata, suas le 15 cm ar leithead, cruinn go dtí rud beag maothánach, le feilt bhán ar an taobh thíos. Na bláthchinn geal buí, aonarach ar ghas suas le 15 cm ar airde, a thagann amach roimh na duilleoga. Seanleigheas luibhe ar an tinneas cliabhraigh.