Speictream leictreamaighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas trastoinne is ea radaíocht leictreamaighnéadach ina bhfuil ascalú tréimhsiúil, ina dtarlaíonn luascadh réimse mhaighneadaigh i dtreo amháin is luascadh réimse leictrigh sa treo ingearach leis sin, iad araon ingearach le treo forleata na toinne. Bíonn an luascadh maighnéadach is an luascadh leictreach seo ceangailte go doscaoilte le chéile ar feadh na toinne, ingearach lena chéile an t-am ar fad. Tugtar an speictream leictreamaighnéadach ar an raon leathan tonn leictreamaighnéadach, le raon tonnfhad, a shíneann ó na gáma-ghathanna le tonnfhaid níos lú ná 10-11 m, trí na X-ghathanna, radaíocht ultraivialait, solas infheicthe, radaíocht infridhearg, tonnta raidió, go dtí radaíochtaí le minicíochtaí fíorísle (MFI) le tonnfhaid timpeall 107 m ag minicíocht 50 Hz is níos lú fós. Ag tonnfhad idir 4 × 10-4 m is 7.6 × 10-4 m (400-760 nm) is féidir an radaíocht seo a fheiceáil le radharc na súl, agus tugtar solas infheicthe air sin. Ar imeall amháin den raon infheicthe tá raon 400-100 nm ar a dtugtar solas ultraivialait, agus ag an imeall eile raon 760-1,000,000 nm (1 mm) ar a dtugtar radaíocht infridhearg. Trí bhíthin na radaíochta seo a radaítear teas ó áit go háit. Úsáidtear an radaíocht leictreamaighnéadach sa raon tonnfhad níos mó ná 1 mm i gcúrsaí teileachumarsáide. Forleathann na tonnta seo go léir tríd an aer gan mórán maolaithe ag luas forleata an tsolais, 3.0 × 108 m s-1. I gcúrsaí áirithe tugtar micreathonnta ar na tonnta seo le tonnfhaid ar imeall an raoin infridheirg. Déantar comharthaí raidió is teilifíse a tharchur i dtonnta leictreamaighnéadacha iompair, ach amháin le tonnfhaid níos faide ná na micreathonnta. Gintear an-chuid tonnta leictreamaighnéadacha i bpróisis nádúrtha, mar shampla sa Ghrian is na réaltaí, agus tá an-spéis sna micreathonnta sa radaíocht chosmach cúlra chun teacht ar thuiscint ar an Ollphléasc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Speictream leictreamaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 617.