Spéirthumadóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportSpéirthumadóireacht
Cineáleitlíocht agus spórt aeir

Titim go saor ó aerárthach go dtí airde timpeall 600 m, agus uaidh sin titim le paraisiút chun teacht i dtír.

Uaireanta, déanann an parasiútaí cleasanna le linn na saorthitime. Uaireanta eile in imeachtaí foirne, déanann an fhoireann patrúin éagsúla ag coinneáil greim láimhe ar a chéile.

Mar spórt, titeann an t-iomaitheoir go saor faoin domhantarraingt trí 1,000 m nó mar sin roimh oscailt an pharaisiúit, de ghnáth timpeall 750 m in airde.

Irish Parachute Club, Cluain Bolg (Clonbullogue)

Bíonn an t-iomaitheoir ag iarraidh tuirlingt taobh istigh d'fhairsinge réamhshocraithe targaide. Aerloingseoir Francach, André-Jacques Garnerin (1769-1823), a rinne an chéad tuirlingt le paraisiút i bPáras i 1787 tar éis a bheith scaoilte as balún.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Spéirthumadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 618.