Spéirlinn Jeanne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Spéirlinn Jeanne

Hurricane Jeanne 25 sept 1615Z full.jpg
Íomhá Rádar ar Stoirm Tropaiceach Jeanne a tógadh ar Meán Fómhair 15, 2004 ag 17:46 UTC.

Tháinig ar an Saol Meán Fómhair 13, 2004 mar Ísealbhrú Meánchriosach a hAon Déag
Luas Gaoithe 90 mph (145 km/h)
Earnáil Aon
Tíortha a bhaineann sé leo

Ba é Spéirlinn Jeanne an deichiú stoirm meánchriosach ar tugadh ainm dó agus an séú spéirlinn de shéasúr spéirlinn Atlantach na bliana 2004. Tá sé tar éis cur isteach ar Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe, Pórtó Rícó, an Phoblacht Doiminiceánach, Haïti agus oirdheisceart na Bahámaigh.

Stair na stoirme[athraigh | edit source]

Cuireadh Ísealbhrú Meánchriosach a hAon Déag ar an saol ó thonn meánchriosach 110 ciliméadar (70 míle) thoir-thoir-ó dheas ó Guadelúp déanach sa tráthnóna ar 13 Meán Fómhair 2004, agus árdaíodh a ghrád go Stoirm Meánchriosach Jeanne an lá dár gcionn. Ghluais sé ó dheas ó Oileáin Maighdine na Stát Aontaithe ar 15 Meán Fómhair, agus tháinig sé i dtír ag Yabucoa, Pórtó Rícó níos déanaí sa ló. I ndiaidh dó gluaiseacht thar Pórtó Rícó, shroich sé treiseacht spéirlinn 16 Meán Fómhair gar don talamh is faide soir sa Phoblacht Doiminicéanach ar oileán Hispaniola, ach thit sé arís go neart stoirme meánchriosaigh níos déanaí sa ló agus é ag gluaiseacht i dtír sa Phoblacht Doiminicéanach. Lean Jeanne uirthi go mall os cionn na Poblachta Doiminicéanaigh ar 17 Meán Fómhair sular fhág sé an oileán go déanach sa tráthnóna. Faoin am sin, bhí Jeanne tar éis laghdú céim eile, go neart ísilbhrú meánchriosaigh.

Ar 18 Meán Fómhair, agus an córas á leanúint gar do Inagua Mór, tháinig croílár nua ar an saol, achar mhaith thoir-ó thuaidh, agus chuaigh an iompú a bhí cheana ann i léig. Chuaigh an lár nua i dtreise arís go raibh ina spéirlinn ar 20 Meán Fómhair.

Stadas faoi láthair[athraigh | edit source]

Ag 5 am AST ar 22 Meán Fómhair (0900 UTC]), bhí lár Jeanne tuairim 845 km (525 míle) thoir ó Abaco Mór agus é ag gluaiseacht aneas ag 6 km/u (3 míle san uair). Ba spéirlinn de Earnáil 1 le gaoithe 150 km/u (90 míle san uair) í Jeanne.

De réir fáisnéisí, leanfaidh Jeanne a turas fada mar frithchíclóin, ag iompú siar agus ansin siar-aduaidh. Tugann na fáisnéisí is deireanaí le fios go bhfuil sí de gluaiseacht i bhfad níos faide siar, agus go mbeadh sí ag bagairt ar thuaisceart na Bahámaigh agus cósta thoir Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi dheireadh na seachtaine. Táthar ag brath ar thonnta agus ar shruthanna chontúirteacha ar chóstaí SAM agus na Bahámaigh le cupla lá fós, ach níltear ag brath ar Jeanne dul i dtreise mórán.

Éifeacht an stoirm[athraigh | edit source]

Fágadh gan chumhacht aidhléise an chuid is fearr de dhaonra 4 mhiliún Pórtó Rícó, agus fágadh 600,000 gan uisce reatha. Rinne titim talún an-dochar don dúlra i bhForaois Náisiúnta na Cairibe, agus maraíodh seachtar.

Agus é ag gluaiseacht thar thuaisceart na Poblachta Doiminiceánaigh, rinne an stoirm dochar d'an-chuid tithe i Samaná. Cuireadh bás 18 ar a laghad i leith Jeanne sa tír sin.

Gluaiseacht spéirlinn Jeanne ar 22 Meán Fómhair22, 2004 ag 05:00 EDT

Bhí báisteach throm (suas le 33 cm ar fad (12 norlaí)) i sléibhte thuaiscirt Haïti a chuir tuilte móra agus titimplodaigh ar bun i gcríoch Artibonite na tíre, a rinne dochar ach go háirithe do chathair Gonaïves, áit ar chuir sé isteach ar 80,000 de dhaonra 100,000 na cathrach. Déanach dé Máirt, 21 Meán Fómhair, tuairiscíodh go raibh ar a laghad 691 marbh i Gonaïves, 40 ar a laghad gar dó i Port-de-Paix, agus 51 in áiteanna eile i Haïti. [1], [2] [3]. Tá oibreoirí cumhdaigh ag brath go mbeidh uimhir na marbh níos airde fós, mar go bhfuil ar a laghad 1,000 in easnamh. Tharla na tuilte tamall maith tar éis do chroílár an stoirm Haïti a fhágaint, agus lasmuigh den limistéar ar tugadh rabhadh stoirme dó.

Naisc seachtacha[athraigh | edit source]