Sonraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa ríomheolaíocht, fíorais is figiúir a n-oibríonn an ríomhaire orthu chun tasc a leagadh air a chur i gcrích. Mar shampla, in oibríocht párolla beidh gá le sonraí cosúil le mioneolas ar na fostaithe, an t-am a d'oibrigh siad, laethanta a raibh siad as láthair, na rátaí cuí pá, cánacha, pinsin is laghduithe eile, agus na rialacha chun na fíorais seo a láimhseáil.

Tugtar iontráil sonraí ar an bpróiseas a bhailíonn, a cheartaíonn is a ionchuireann na sonraí seo i gcuimhne an ríomhaire. Is gá iad seo a eochrú isteach de láimh, de ghnáth i mbunachar sonraí, ach nuair a bhíonn siad sa ríomhaire is éasca an bunachar, nó cuid de, a tharchur go dtí ríomhaire eile go leictreonach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sonraí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.