Somhairle Mac Domhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSomhairle Mac Domhnaill
Beathaisnéis
Breithc. 1586
Bás1632
45/46 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata

Saighdiúir Gaelach sa 17ú haois ab ea Somhairle Mac Domhnaill (a rugadh i nGlinne Aontroma timpeall 1580 agus a d'éag i Lobháin sa Bheilg timpeall 1632).[1] Mac le Séamas Mac Domhnaill Dhúin Lúiche agus le Máire Ní Néill (de shliocht Chloinne Aodha Buí, agus garmhac le Somhairle Buí Mac Domhnaill, taoiseach iomráiteach na nGlinne agus an Rúta.

Fear Comhcheilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé páirteach le lucht comhcheilge i gCúige Uladh i 1615. Nuair a theip ar an éirí amach a bhí beartaithe acu,d'éalaigh sé go hAlbain mar a raibh sé páirteach in éirí amach Chlann Domhnaill, agus ar feadh cúpla mí d'éirigh leo na Caimbéalaigh a chur dá gcosa agus athseilbh a ghlacadh ar a gcuid seantailte in Íle, Diúra, Colbhasa agus i gCionn Tíre. Theith siad Albain nuair a tháinig Iarla Eara Gael go Ceann Tíre ar cheann airm ina n-aghaidh.

Sa bhliain 1616 ghabh sé long i Lathairne agus lean sé den troid in Inse Gall. Ghabh sé long Francach ansin, agus sheol sé go Dunkirk le buíon Albanach a bhí ag iarraidh liostáil in arm na Spáinne san Ísiltír.

Cé gur chuir an Fhrainc agus Sasana go láidir ina choinne, agus go mb'éigean do Shomhairle agus buíon dá chuid fear tearmann a lorg i mainistir i nDunkirk, rinne Ó Néill agus Ó Domhnaill idirghabháil ar a son agus scaoileadh saor iad.

Saighdiúir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé céim captaein amach in arm na Spáinne san Ísiltír, agus bhí complacht muscaed faoina cheannas i reisimint Verdugo a throid i gCath an tSléibhe Bháin sa Bhóihéim i 1620. Thuill sé moladh speisialta ón Impire Ferdinand II mar gheall ar a chalmacht sa chath sin.

D'fhill sé ar an Ísiltír i 1624 agus chaith sé tréimhse ar dualgas in Ostend, mar a raibh an sagart Proinsiasach Brian Mac Giolla Coinnigh ina shéiplíneach aige.

Blianta ina dhiaidh sin, bhí mac le Somhairle, Séamas mac Somhairle Mac Donmhnaill, ina leascheann feadhna ag a chol seisir, Alastair mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill, in Albain (1644-45), agus in Éirinn ina dhiaidh sin.

Fear Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tréimhse a chaith sé in Ostend chuir sé bailiúchán laoithe, Duanaire Finn, agus bailiúchán filíochta á scríobh ag an scríobhaí agus saighdiúir Aodh Ó Dochartaigh. Tá tábhacht ar leith leis an mbailiúchán laoithe fiannaíochta atá i nDuanaire Finn, a scríobhadh i 1627, ó thaobh na litríochta de.

D'fhoilsigh an Dr Eoin Mac Néill agus Gerard Murphy eagrán trí imleabhar den Duanaire 1908-1953. Ceaptar go bhfuair Somhairle Mac Domhnaill bás i gColáiste Naomh Antaine sa Lobháin, agus gur ag an gColáiste a d'fhág sé a chuid leabhar, Duanaire Finn agus Leabhar Uí Chonchubhair Doinn ina measc.

Somhairle Mac Domhnaill sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar léiriú ficseanúil ar an gcaptaen Somhairle Mac Domhnaill san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí, ina bhfuil cur síos ar Chath an tSléibhe Bháin agus ar laethanta deiridh an chaptaein i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]