Solatón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bíogthonn a fhanann cobhsaí ina cruth ar feadh i bhfad de réir mar a fhorleathann sí. Bíonn raon minicíochtaí sa gnáthbhíogthonn, agus de ghnáth forleathann na minicíochtaí difriúla ar luasanna difriúla, ionas go leatar an bhíog, á hathchumadh is á scaipeadh go luath ar a bealach. Faoi choinníollacha ar leith, má bhíonn an bhíogthonn dian go leor is cruth ar leith uirthi, ní tharlaíonn an leathadh seo ar chor ar bith agus forleathann an solatón go han-fhada gan maolú. Is solatón an tonn taoide ar a dtugtar súnámaí, agus is féidir a leithéid a chur ar siúl in uisce canála freisin. Is mar an gcéanna na bórthonnta i mBá Fundy, agus ar abhainn na Sabhrainne idir an Bhreatain Bheag is Sasana. Ach is i gcúrsaí solais is mó atá taighde ar sholatóin ar siúl sa lá atá inniu ann, agus táthar ag iarraidh córais a fhorbairt ina dtarchuirfear solatóin solais ar feadh na mílte ciliméadar de shnáithíní optúla. Tá sé i gceist amach anseo solatón an-ghairid amháin a tharchur i gcomhair giotáin amháin i dtarchur digiteach. Meastar go mbeifear in ann suas le 5,000 milliún giotán a tharchur in aghaidh an tsoicind le córas mar seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Solatón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.