Soisíneachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Faustus Socinus (1539–1604), duine de lucht bunaithe an tSoisíneachais

Foirceadal Críostaí is ea an Soisíneachas (Béarla: Socinianism; Gearmáinis: Sozinianismus) a bhaineann le Lelio Sozzini (Laelius Socinus) agus Fausto Sozzini (Faustus Socinus), beirt leasaitheoirí creidimh de chuid an 16ú haois. Diúltaíonn an teagasc don Tríonóid agus tá rian an liobrálachais dhiaga air.

Lelio agus Fausto Sozzini[athraigh | edit source]

D'eascair an foirceadal seo ó smaointeachas Lelio Sozzini (1515-1562) agus a nia Fausto Sozzini go háirithe (1539-1604). Bhain an bheirt seo leis an gcéad ghlúin agus an dara glúin de Phrotastúnaigh. Martin Luther a spreag an "Leasú" a mhill faoi chumhacht pholaitiúil agus shaolta an Phápa agus faoi réim mhorálta na hEaglaise, ó bhí sí siúd chomh truaillithe sin ag drochnósanna agus saint.

Lelio Sozzini[athraigh | edit source]

Teaghlach nótáilte dlí ba ea na Sozzini agus baint acu le Sienna na hIodáile, áit ar phoblacht neamhspleách í. Ó thaobh a mháthar bhí baint ag Lelio le muintir an Phápa Pius III (Francesco Tedeschi Piccolomini 1440-1503), nár mhair sa phost ach sé lá is fiche. Rinne sé staidéar ar an dlí in Padua le hómós do nós a mhuintire féin. Shíl sé gur chóir don dlí bonn tarchéimneach a bheith faoi, agus dá bhrí sin rinne sé staidéar ar an mBíobla le cúnamh na hEabhraise, na Gréigise agus na hAraibise féin. De bharr an staidéir sin tháinig dearcadh nua aige i leith na ndogmaí Críostaí agus rinne sé machnamh grinnslítheach dlíodóra ar an diagacht.

D'éalaigh Lelio ón Iodáil chun suaimhneas a fháil sa Ghinéiv, cathair Chailvíneach. Osclaíodh na súile dó agus chuaigh sé go dtí an Pholainn, áit a raibh sé ag craobhscaoileadh a theagaisc nó gur cailleadh roimh am é.[1]

Fausto Sozzini[athraigh | edit source]

Bhí Fausto ag caitheamh saol sócúil i bhFlórans<re>Wilbur lgh 411-12</ref> Ansin féin bhí suim aige sa diagacht, agus timpeall na bliana 1570 d'fhoilsigh sé De Sacrae Scripturac Auctoritate, leabhar a d'áitigh go raibh bunús ceart stairiúil leis na Scrioptúir agus a d'fháiltigh idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh roimhe.[2] I gceann tamaill ghlac sé le teagasc a uncail agus thug a aghaidh ar Basel chun an teagasc nua a chraobhscaoileadh.[3] Is gearr gur chuir na húdaráis ina choinne, rud a thug ar Fausto an Pholainn a thabhairt air féin.[4] Díreach mar a rinne a uncail roimhe, chuir sé aithne ar na "Bráithre Polannacha," eaglais Phrotastúnach fhrith-Thríonóideach a bunaíodh sa bhliain 1562. Cé gur tháinig siad faoina anáil, ní léir gur ligeadh isteach san eaglais riamh é mar bhall.[5]

Faoin mbliain 1579 ba shampla suntasach é Fausto Sozzini den diagaire saolta, é féinmhúinte agus oilte chun leas na ndaoine faoi anáil a uncail Lelio. Rinne sé a thír féin den Pholainn: chuir sé faoi in Raków, áit shuaimhneach réasúnach i dtír shuaite,[6] d’fhoghlaim sé an teanga, phós Elizabeth Morsztyn, Polannach mná, sa bhliain 1586[7] agus cailleadh ann sa bhliain 1604. D’fhoilsigh sé a lán aistí, ach ba é a mhórshaothar De Jesu Chiristo Servatore (Íosa Críost Slánaitheoir), leabhar a foilsíodh sa bhliain 1594 tar éis dianmhachnamh fiche bliain. Is é brí na hargóna go dtugtar "Slánaitheoir" ar Chríost toisc gur thaispeáin bealach an tslánaithe shíoraí dúinn, ní toisc gur choinnigh sé fearg Dé uainn de bharr an pionós a bhí tuillte againn a fhulaingt.[8]

Ghlac na Bráithre Polannacha lena smaointeachas, a rinne míniú grinn ar na Scrioptúir agus ab ábhar do Chaticiosma Raków, saothar a d’fhoilsigh na Bráithre i bPolainnis sa bhliain 1605. Foilsíodh leagan Laidine sa bhliain 1609.[9] Spréadh leaganacha de ar fud Iarthar Eorpa sa 17ú haois ina lán teangacha difriúla, agus sa bhliain 1628 tugadh "Soisíneachas" ar an smaointeachas úd san Ísiltír.

I ndeireadh na dála thosaigh an ghéarleanúint. Bhí ar Fausto dídean a iarraidh i dteach duine uasail a bhí dílis dá theagasc, agus fuair sé bás ann sa bhliain 1604.[10]

Na Soisínigh i ndiaidh Fausto[athraigh | edit source]

Bhí bláth agus rath ar na Soisínigh ar feadh tamaill. Bhunaigh siad coláistí, bhíodh sionaid ar siúl acu agus bhí preas clódóireachta acu a chuir ar a gcumas neart litríochta cráifí a chur amach - litríocht a bailíodh le chéile mar "Bibliotheca Antitrinitarianorum".[11] Sa bhliain 1638 d'éiligh Caitlicigh na Polainne go ndíbreofaí na Soisínigh. Scaipeadh iad dá bharr. Is léir go raibh eagla ar na húdaráis rompu in Iarthar Eorpa ach go raibh cairde sa chúirt acu ansiúd is anseo. Ní mór an tionchar a bhí acu ar eaglaisí Protastúnacha eile.[12]

Foirceadal[athraigh | edit source]

Chuir an Soisíneachas an chomhthuiscint agus an chaoinfhulaingt chun cinn agus chuir i gcoinne na géarleanúna. Tá meas comh-Chríostaithe ag na Soisínigh ar gach dream a chuireann teagasc Chríost i bhfeidhm, cuma cén rogha diagachta atá acu. Deir siad gur sa Tiomna Nua amháin atá ceart an fhoirceadail, na cráifeachta agus na moráltachta. Lochtaigh an Vatacáin iad toisc go séanann siad nach bhfuil iolracht pearsanna i nDia agus iad cosúil dá bharr leis na hÚinitéirigh, dream a fhógraíonn aontacht Dé.

Bunailt chreidimh[athraigh | edit source]

  • Caithfidh an duine féin a chinneadh dá shaorthoil féin cé acu a fhreagróidh sé gairm Dé nó nach bhfreagróidh.
  • Is éard atá sa slánú an bheatha shíoraí a bhronnfaidh Dia ar lucht leanúna Íosa. An bás síoraí atá i ndán don fhuíoll, rud nach ionann is crá síoraí.
  • Ní théann bás Chríost ná deasghnátha agus freastal na sagart ar sochar don té nach ndearna iarracht ar umhlú go dílis don Mháistir úd.
  • Is éard atá sa bhaisteadh duine a chloí leis an gCríostaíocht trí iompú ar an Eaglais. Is beag an tairbhe é don té a rugadh san Eaglais.
  • Níl sa Chomaoin ach comhartha ar chinneadh an duine Críost a leanúint.
  • Dar leis na Soisínigh, ní ceart guí chun an Spiorad Naoimh, mar níl ann ach cumhacht a dháileann Dia orainn.
  • Ní raibh Íosa ann sular rug Muire é tríd an Spiorad Naoimh. Ní raibh ann ach fear agus gan de chuspóir aige ach toil Dé a dhéanamh. Chúitigh Dia leis é ar aiséirí dó trí bheatha shíoraí a thabhairt dó ar neamh agus Mac Dé a thabhairt air. Sin é an fáth a n-adhraíonn na Soisínigh é.

An Nua-Shoisíneachas[athraigh | edit source]

Is beag dream inniu a chloíonn le Críosteolaíocht Fausto Sozzini. Orthu siúd tá na Críostaideilfigh (1848), an Church of God General Conference (1921) agus roinnt grúpaí beaga d’”Úinitéirigh Bhíoblacha”.

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Féach Pope 1912
  2. Wilbur lch 412
  3. Wilbur lch 413
  4. Wilbur lch 415
  5. Wilbur lch 417
  6. Wilbur lch 382
  7. Wilbur lch 423
  8. Wilbur lgh 412-13
  9. Pope
  10. Wilbur lgh 425-29
  11. Pope
  12. Pope

Tagairtí[athraigh | edit source]