Soilire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luibh débhliantúil le boladh láidir a fhásann 1 m ar airde, dúchasach don Eoraip, tuaisceart na hAfraice is iardheisceart na hÁise. Na gais domhain eitreach, na duilleoga snasta roinnte i dteascáin thriantánacha nó dhiamantchruthacha, na bláthanna bídeach scothghlasbán, iompartha in umbail 3-5 cm ar leithead. Saothraítear foirmeacha le duilleog-ghais ata forleathan mar ghlasra.