Snáthaid mhara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iasc muirí le colainn chaol, roinnte i dteascáin. An béal beag, le soc feadánach is eití fíneálta. Iompraíonn an fireannach na huibheacha, cuid acu i bpúitse goir ar leith. Suas le 60 cm ar fhad, ach níos giorra de ghnáth. Itheann sé planctón is larbhaí iasc.