Smólach ceoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Éan ceoil ar mheánmhéid, a fhaightear in an-chuid réigiún ar fud an Domhain ó fhásaigh go dtí na foraoisí báistí sna trópaicí. A dhroim donn is a bhrollach geal le cuid mhaith spotaí dubha. Déanann sé ceol i rith na bliana. Bíonn a limistéar féin aige agus ruaigeann sé smólaigh eile as, ach ní bhacann le héin eile. Cónaíonn sé i dtoim, agus itheann péisteanna ar an talamh (ag briseadh poigheachán an tseilide ar charraig) is caora gealdaite. Déanann sé a nead chupánchruthach i dtom tiubh, agus tógann suas le 3 ál sa bhliain. Tugtar caislíní ar chuid de na saghsanna.