Slua reatha
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Slua reatha a 2 faoi cheannas Seán Ó hÓgáin, an Treas Bhriogáide Thiobraid Árainn, i rith Cogadh na Saoirse in Éirinn.
Is aonad beag, neamhspleách, soghluaiste é slua reatha ( nó colún reatha go minic), de shaighdiúirí agus trodairí a bhogann go mear chun cogadh a fhearadh ar a namhaid. Dá bhíthin sin, ní iompraítear mórán trealamh agus airm. Taistealaíonn siad go mear i ngluaisteáin nó in ingearáin. Fadó, bhog slua reatha de chos nó ar mhuin capaill.
D'eagraigh Óglaigh na hÉireann sluaite reatha i rith Cogadh na Saoirse in Éirinn le go mbeidh siad in ann dul i ngleic le díormaí de phóilíní agus saighdiúirí Sasanacha in Éirinn. D'éirigh go geal leis an mbeartas seo mar d'fhan na Sasanaigh i ndúnta sna bailte in Éirinn fad is a bhí na ceantair tuaithe faoi smacht na hÓglaigh.