Sluaíocht an Challenger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
HMS Challenger

An chéad sluaíocht mhór aigéaneolaíochta, a chuir an coirbhéad gaile Challenger i gcrích idir 1872 agus 1876. Chuaigh an t-aistear timpeall an Domhain agus rinne tomhais is staidéar eile ar an Aigéan Atlantach, an tAigéan Indiach is an tAigéan Ciúin. Aistear timpeall 128,000 km a bhí ann. Bhunaigh sí eolaíocht nua-aoiseach na haigéaneolaíochta, ag fionnadh is ag taifeadadh 4,417 speiceas, ina measc 715 speiceas muirí nach raibh ar eolas roimhe sin. Chruthaigh sí go raibh beatha ag gach doimhneacht sa bhfarraige.