Slobodan Milošević

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSlobodan Milošević

(1988) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(sr) Слободан Милошевић
Beathaisnéis
Breith20 Lúnasa 1941
Požarevac (Territory of the Military Commander in Serbia)
Bás11 Márta 2006
64 bliana d'aois
Scheveningen, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaPožarevac 44°37′20″N 21°10′43″E / 44.6222912°N 21.1784971°E / 44.6222912; 21.1784971 Cuir in eagar ar Wikidata
1 Uachtarán na Seirbia
8 Bealtaine 1989 – 23 Iúil 1997
← luach ar iarraidh – Dragan Tomić → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of Belgrade Faculty of Law (en) Aistrigh - dlí (–1964)
Požarevac Gymnasium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisAn tSeirbis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialach na Seirbia (1990–)
League of Communists of Yugoslavia (en) Aistrigh (1959–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus An tSeirbis
Teaghlach
CéileMirjana Marković (1965–2006) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarko Milošević Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSvetozar Milošević
SiblínBorislav Milošević
Croineolaíocht
5 Deireadh Fómhair 2000Overthrow of Slobodan Milošević (en) Aistrigh
28 Meitheamh 1989Gazimestan speech (en) Aistrigh
trial of Slobodan Milošević (en) Aistrigh
Anti-bureaucratic revolution (en) Aistrigh
death of Slobodan Milošević (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Slobodan Milošević (An tSeirbis) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0590532 Find a Grave: 13586219 Cuir in eagar ar Wikidata
máthair Stanislava agus deartháir Borislav agus Slobodan

Ba é Slobodan Milošević (Seirbis: Слободан Милошевић) (20 Lúnasa 194111 Márta 2006) Uachtarán na Seirbia idir 1989 agus 1997 agus Uachtarán Iúgslavach idir 1997 agus 2000. Bhí sé ina Uachtarán ar Phoblacht Chónaidhme na hIúgslaive idir 1997 agus 2000 chomh maith.

Diagaire ab ea athair Milošević agus chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1962.

Ar an 1 Aibreán 2001 gabhadh Milošević sa Bhéalgrád. Cúisíodh é as coireanna cogaidh a dhéanamh. Tugadh chun trialach é sa Háig maidir le coireanna cogaidh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí saol crua ag Milošević ina óige. Diagaire ab ea athair Milošević agus chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1962. Chuir a uncail ar thaobh a mháthar lámh ina bhás féin an bhliain dár gcionn (maorghinearál ab ea é).

1988, 47 bliain d'aois

Bronnadh céim onóracha ar Milošević sa bhliain 1964 ag Dámh an Dlí. Faoi phátrúnacht Petar Stambolić agus daoine eile d'oibrigh sé a bealach aníos ó phost riaracháin nó post ghnó go ceann eile. Rinneadh cathaoirleach ar Technogas de sa bhliain 1973 agus uachtarán ar Beobanka sa bhliain 1978.

1995, nuair a shínigh an Comhaontú Dayton

Ba thobann mar a tháinig sé i gcumhacht. Rinne sé dul chun cinn tapa i Léig na gCumannach Seirbiach agus bhain sé amach uachtarántacht na heagraíochta sin sa bhliain 1986. Thart ar an am sin a thosaigh sé cur chun cinn go géar leas na daoine de bhunadh Seirbiach ar fud na hIúgslaive, sa Chosaiv (cúige féinrialaitheach de chuid na Seirbia) ach go háirithe.

Deirtear go minic gur pointe cinniúnach i scaoileadh na hIúgslaive é an óráid a thug sé ag Polje na Cosaive ar 24 Aibreán 1987.[1] Ina dhiaidh sin, chuir sé an ruaig ar Stambolić (a bhí ina mheantóir dó) agus tháinig sé ina ionad mar Uachtarán na Seirbia.

Ón bpointe sin go dtí gur chaill Milosevic toghchán na huachtaránachta le haghaidh Phoblacht Chónaidhme na hIúgslaive sa bhliain 2000, bhí páirt lárnach an-chonspóideach aige i bpolaitíocht inmheánach na Seirbia agus na hIúgslaive.

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 24 Márta 1999, chuir ECAT tús le hionsaí ar an Iúgslaiv de bharr an ghlanta eitnigh a bhí ar bun in aghaidh Albánach na Cosaive.[2]

I mí Bealtaine 1999 díotáladh Milosevic i gcoireanna in aghaidh na daonnachta, a bhíothas á mhaíomh gur rinneadh le linn chogadh na Cosaive iad; ina dhiaidh sin cúisíodh é i gcoireanna cogaidh sa Chróit agus sa Bhoisnia agus i gcinedhíothú sa Bhoisnia chomh maith leis sin.

Triail[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh do Milosevic a bheith gafa ag údaráis na Seirbia i mí Aibreán 2001, tugadh ar láimh é (agus an Seirbia ina raic faoi) chun trialach os comhair an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv.

Comhaontú Dayton, Páras, ar 14 Nollaig 1995, agus Clinton, Chirac, Kohl agus Major ann

Thosaigh an triail san Háig ar 12 Feabhra 2002.[3] Níor ghlac Milošević le dlíodóirí cosanta agus rinne sé iarracht labhairt ar a shon féin ar feadh na trialach ceithre bliana ar fad.[4]

Chuaigh Milošević i bhfadscéal leis agus tugadh ardán dó, ardán a mhair ceithre bliana, go dtí lá a bháis, agus é ag cothú aighnis an t-am ar fad. Dúradh a lán rudaí (rudaí cáinteacha, den chuid is mó) faoi chinneadh an Dlí-Sheomra Achomhairc go raibh cead aige é sin a dhéanamh, gan ach fíorbheagán srianta.[5][6]

Léirigh Milošević a dhímheas ar an gcúirt go mínáireach, agus thapaigh sé an deis chun cosaint pholaitiúil seachas cosaint dlí, go bunúsach, a dhéanamh maidir leis an méid a rinne sé agus é i gcumhacht. Chuir a shláinte (a bhí ag dul in olcas) isteach go mór ar dhul chun cinn na trialach chomh maith.[1][7]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus an triail ar siúl i gcónaí, fuair Milošević bás ar an 11 Márta, 2006 sa Háig. Bhuail taom croí é ina chillín príosúin. Chríochnaigh na himeachtaí san Háig gan fhíorasc ar bith maidir leis na cúisimh ina leith.

Ina dhiaidh sin, chaith roinnt cinntí ón mBCII agus ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta amhras air an gcruthófaí go raibh sé ciontach as cinedhíothú sa Bhoisnia, in aon chor nó sa mhéid gur cuireadh ina leith é sa díotáil.[1]

Feabhra 2006ː Bhí tionlacan mór le Milošević (leabhar comhbhróin sa Museum of Yugoslavia anseo)

Rinne Human Rights Watch measúnú ar an turgnamh a rinneadh nuair a tugadh cead do Milošević a chosaint féin a dhéanamh, i dtuarascáil ("Weighing the Evidence: Lessons from the Slobodan Milosevic Trial")[8] a foilsíodh roinnt míonna i ndiaidh a bháis.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Slobodan Milošević" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-11.
  2. D’ionsaigh aerfhórsa de chuid na Spáinne an chathair Béalgrád sa tSeirbia
  3. "Trial of Slobodan Milošević" (as en) (2021-09-27). Wikipedia. 
  4. Judith Armatta (2010-07-30). "Twilight of Impunity: The War Crimes Trial of Slobodan Milosevic" (as English). Duke University Press Books. 
  5. Michael P. Scharf, William A. Schabas (2002). "Slobodan Milosevic on Trial: A Companion". Dáta rochtana: 2022.
  6. Göran Sluiter, Håkan Friman, Suzannah Linton, Sergey Vasiliev, Salvatore Zappalà (2013-03-21). "International Criminal Procedure: Principles and Rules". Oxford, New York: Oxford University Press. 
  7. John Laughland (ar dheis ar fad) (2006-03-14). "The case against Milosevic was flawed" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2022-02-12.
  8. "Weighing the Evidence: Lessons from the Slobodan Milosevic Trial: Trial Procedure". www.hrw.org. Dáta rochtana: 2021-03-11.