Sliabh Roisean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sliabh Rosín)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSliabh Roisean
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1413986 Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°09′07″N 7°38′34″W / 54.151925°N 7.642642°W / 54.151925; -7.642642
SliabhraonSléibhte Bréifne Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige404 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach404 m Cuir in eagar ar Wikidata

Is sliabh é Sliabh Roisean[1] atá ar an teorainn idir Contae an Chabháin i bPoblacht na hÉireann agus Contae Fhear Manach i dTuaisceart Éireann. Tá sé 404 méadar ar airde os cionn na farraige. Tá an sliabh déanta d'aolchloch liath le caipín gaineamhchloiche agus scealla. Tá comhlachtaí áitiúla i mbun cairéalaithe ar an sliabh. Tá sé clúdaithe den chuid is mó le móin, foraoisí buaircíneacha, agus páirceanna féaraigh. Osclaíodh Feirm Ghaoithe Shliabh Roisean ar an sliabh in 2008 chun leictreachas a ghiniúint.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl ainm oifigiúil Gaeilge luaite i mBunachar Logainmneacha na hÉireann. Tá cúpla míniú ar fáil i seantéacsanna Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge. Mar shampla, tá an sliabh luaite i dtéacs dar teideal Incipit do Suidigud Tellaich Temra i Leabhar Buí Leacáin:

Is in drongach regda cnis
ingen Togach trethanglais
mad intan sin robo bean
anní diatá Slíab Raisen.[2]

Tá an tagairt is luaithe don ainm le fáil i Lebor Gabála Érenn (c.1100) ina bhfuil liosta na gcathanna a throid an tArd-Rí Túathal Techtmar i gcoinne Threibheanna Vasáilleacha na hÉireann c.76 AD: “Ro-fích cath Raissen fri Roiscderg ríge Omrann.”[3] Tá sé luaite freisin in Annála na gCeithre Máistrí don bhliain 1111 AD: “Creach lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair, go ro aircc Termann Dá Bheócc. Creach aile lais, gur ro aircc co Beind Eachlabhra, co Sliabh Rusén, & go Loch Erne”.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Irish Mountain Placenames" (Feabhra 2012). Dáta rochtana: 2023-06-03.
  2. "Incipit do Suidigud Tellaich Temra". Dáta rochtana: 2023-06-03.
  3. García. "Towards a first Critical Edition of 'Flann for Éirinn', a poem ascribed to Máel Muru († 887)". 
  4. "Annála na gCeithre Máistrí" M1111.10. Dáta rochtana: 2023-06-03.