Sliabh Macedon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSliabh Macedon

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°24′S 144°35′E / 37.4°S 144.58°E / -37.4; 144.58
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,335 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde615 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3441 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag atá suite 64 km siar ó thuaidh Melbourne, príomhchathair Victoria na hAstráile is ea Sliabh Macedon. Tá sé lonnaithe ar thaobh sléibhe a bhfuil an t-ainm céanna air. Geboor (nó Geburrh) a thugadh na Wurundjeri (daoine Bundúchasacha) air. Tá sé 1,001 méadar (3,284 troigh) os cionn leibhéal na mara. De réir dhaonáireamh na bliana 2006, bhí 1,694 duine ina gcónaí i Sliabh Macedon. Tá clú agus cáil ar an mbaile de thoradh na ngairdíní agus na dtithe móra ón naoú haois déag atá suite sa bhaile, sainlimistéar atá ar na cinn is tábhachtaí san Astráil.

Uasaicme na príomhchathrach a bhunaigh an baile mar ionad samhraidh, tar éis ruathar óir i lár na naoú haoise déag,. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1870, agus thugtaí ‘Upper Macedon’ air go dtí 1879, agus ‘Macedon Upper’ go dtí 1936. Osclaíodh Oifig an Phoist ann sa bhliain 1843 agus ‘Mount Macedon’ uirthi, ach athbhaisteadh í mar "Kyneton".

Chonaic Hamilton Hume agus William Hovell an sliabh le linn a dturais go dtí Port Philip ó New South Wales. Bhaist siad ‘Sliabh Wentworth’ air. Thug an an Maor Thomas Mitchell, taiscéalaí a dhreap an sliabh sa bhliain 1836 ainm nua air. Tugadh an t-ainm sin air as Philib, rí na Macadóine, toisc go bhfuil Port Philip le feiceáil ó bharr an tsléibhe.

Go ginearálta bíonn an aeráid níos fuaire ná mar a bhíonn in Melbourne, cé go bhfuil an chathair sin an-ghar do Shliabh Macedon. I gcomparáid leis an gcathair agus na machairí ina thimpeall, bíonn sé níos fliche chomh maith. Cuireann sé sneachta go rialta ar mhullach an tsléibhe, ach ní mhaireann an sneachta i bhfad.

Crois Chuimhneacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chrois Chuimhneacháin ar Shliabh Macedon.

Tá an Chrois Chuimhneacháin ar cheann de na nithe is mó is díol spéise do thurasóirí sa cheantar agus í ina seasamh gar do mhullach an tsléibhe. Thóg William Cameron í sa bhliain 1935 mar chuimhneachán ar a mhac féin agus ar gach duine eile a cailleadh i rith an Chéad Chogadh Domhanda. Tá radharc iontach maith ó mhullach an tSléibhe ar Melbourne, ar Shliabhraon Dandenong agus ar na You Yangs, atá cóngarach do Geelong.

Cruit an Chamaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá mullach tábhachtach eile i gceantar an tSléibhe, ‘Cruit an Chamaill’ (‘The Camel’s Hump’ i mBéarla), atá 1,011 méadar (3,317 troigh) os cionn leibhéal na mara. Tá an-suim ag dreapadóirí sa mhullach seo de thoradh na carraige bolcánaí atá ann agus an áit a bheith chomh cóngarach sin do Melbourne.

Gairdíní Príobháideacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Raon an Ghairdín go dtí an Bothán ag Hascombe, Sliabh Macedon

Gairdín mór is ea ’’Hascombe’’ ar leis an gcomhlacht Linfox é. Bíonn lá oscailte ann gach bliain, agus bronntar an t-airgead go léir ar chúiseanna carthanachta.

Tá an gairdín ‘Alton’ suite trasna an Bhóthair Alton, os comhair Hascombe. Taifeadadh míreanna scannáin ann ('Macbeth' san áireamh), mar gheall ar an chuma stairiúil atá ar an teach agus ar an áit ina thimpeall.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann galfairí de chuid Chumann Galf Sliabh Macedon ar Bhóthar Sliabh Macedon imirt ar an gcúrsa.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]