Skylab

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisSkylab

Cineál miseansaotharlann spáis
Oibritheoir   NASA Cuir in eagar ar Wikidata
Uimh. SATCAT06633
Airíonna árthaigh
Mais
77,000 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí6.6 (trastomhas) × 11.1 (airde) × 17 (leithead) × 25.1 (fad) m
Criú
Baill chriú3
TáscachSkylab Cuir in eagar ar Wikidata
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta14 Bealtaine 1973
ÁitKennedy Space Center Launch Complex 39A (en) Aistrigh, Kennedy Space Center Launch Complex 39 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilSaturn V Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh an mhisin
Athiontráil11 Iúil 1979 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhachtaigh fithiseach
Cineál fithiseFithis íseal dhomhanda
Pearaipsis434 km
Apoaipsis442 km
Claonadh50 °
Tréimhse93.4 min
Fithisí curtha i gcrích34,981


Is é atá i gceist le Skylab ná an chéad stáisiún spáis Meiriceánach, a lainseáladh ar fheithicil Satarn V i 1973, bunaithe ar theicneolaíocht is trealamh ó scéim Apollo. Tógadh an tsaotharlann roimh lainseáil taobh istigh d'umar breosla an 3ú staid den Satarn V. Feidhmíodh i bhfithis íseal ar feadh 171 lá é ag 3 fhoireann de thriúr. Chaith an 3ú foireann an tréimhse is faide ar bord (84 lá). Rinne an chéad fhoireann deisiúchán práinne ar an sciath cosanta i gcoinne micridhreigeoideach is teasa a cailleadh sa lainseáil. Rinneadh cuid mhaith turgnamh is braistintí leis, agus nuair a d'fhág an 3ú foireann é fágadh gan tionlacan é. Tháinig sé ar ais san atmaisféar i 1979, agus bhí imní ar fud an Domhain mar gheall ar an mbruscar a thitfeadh uaidh. Níor tharla aon damáiste, áfach, bíodh is go bhfuarthas píosaí móra bruscair amuigh sa bhfásach san Astráil.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Skylab". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 605.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]