Siorc ceann casúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Liamhán mór gníomhach, dúchasach don fharraige thrópaiceach is mheasartha, gar don chladach. A cheann leacaithe, agus maothán leathan ar an dá thaobh. Meastar go gcuireann siad seo lena inbheartaitheacht. A shúile is a phollairí scartha i bhfad amach ó chéile. Speiceas amháin san Atlantach trópaiceach, an liamhán mór ceann casúir, atá suas le 6 m ar fhad.