Siondróm an tolláin charpaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarSiondróm an tolláin charpaigh
cuir in eagar
Cineálnerve compression syndrome (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht agus ortaipéide Cuir in eagar ar Wikidata
Cliniciúil
Comharthaíwrist pain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachTTR agus SH3TC2 Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10G56.0 agus G56.00 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9354.0 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPN93 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM115430 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB2156 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000433 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1243192, 327330, 822792 agus 388525 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD002349 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0007286 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:12169 Cuir in eagar ar Wikidata

Laige san ordóg is an lámh, le heanglach nó griofadach san ordóg is na méara cóngaracha é Siondróm an tolláin charpaigh. Tarlaíonn sé mar thoradh ar chomhbhrú ar an néaróg mheánach a thugann seirbhís don chraiceann sa réigiún sin is í ag dul trí chrios fíochán a ghabhann mórthimpeall an rosta (an tollán carpach). Is dolúbtha an tollán carpach, agus cuireann sé brú ar an néaróg mheánach má atann fíocháin istigh ann. Is féidir go dtarlóidh a leithéid le húsáid athchleachtach an rosta i gclóscríobh, tiomáint gluaisteáin is spóirt áirithe, agus bíonn baint aige le riochtaí áirithe cosúil le toircheas, an sos míostraithe, airtríteas réamatóideach, diaibéiteas is hipirtheannas. Is sampla é de ghortú athstraidhneála, cosúil le huillinn leadóige. Is féidir go maolófar ar na siomptóim trí scíth a ghlacadh nó cléithín ar an rosta, ach uaireanta is gá obráid ar an rosta chun an brú ar an néaróg a scaoileadh.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Siondróm an tolláin charpaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 602.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]