Siondróm Sjrögren

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is siondróm uath-imdhíonachta ainsealach é Siondróm Sjrögren ina n-ionsaíonn fuilchoirpíní bána na colainne faireoga eischríneacha, na faireoga seileacha agus deoracha ach go háirithe, a chuireann seile agus deora ar fáil. Éiríonn béal tirim xerostomia agus súile tirime keratoconjunctivitis sicca as dá bharr sin chomh maith le hinsíothlú limficíteach sna faireoga a dhéanann díobháil nó scrios iomlán ar na faireoga ar deireadh.