Siondróm Reye

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar tearc, ach go minic marfach, a bhfuil claonadh aige teacht i ndiaidh ionfhabhtaithe víreasaigh, agus baint éigin aige le húsáid aspairín é Siondróm Reye. Tarlaíonn deascáin shailleacha san ae is at na hinchinne, agus dá thoradh sin, mearbhall is coma. Ainmnithe as an bpaiteolaí Astrálach R. D. K. Reye (1912-1978) a chuir síos ar an riocht den chéad uair i 1963.