Siondróm Münchhausen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nuair a ligeann duine galar air chun aird is trua a mhealladh, ach ní chun airgead nó sochar pearsanta a fháil é Siondróm Münchhausen. De réir cineáil, ligeann duine air go bhfuil siomtóim galair aige, nó fiú tugann siomptóim an ghalair air, agus téann sé go dtí ospidéal le haghaidh scrúdaithe is cóireála. I seachshiondróm Münchhausen, ligeann duine air go bhfuil galar ar dhuine eile nó tugann galar ar dhuine eile, leanbh nó páiste de ghnáth. Ainmníodh an dá shiondróm seo as Karl Münchhausen, an scéalaí áibhéileach.