Siondróm Down

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mínormáltacht comhbheirthe choitianta a tharlaíonn níos minice do pháistí máithreacha os cionn 40 bliain d'aois é Siondróm Down. Bíonn cnámha grua arda ag páiste mar seo, srón leata, súile fiara, agus filleadh starraiceach os cionn taobh inmheánach gach súile. Bíonn na lámha gearr leathan, le fithín bosach amháin. Bíonn céimeanna éagsúla míchumais mheabhraigh ag na páistí seo, agus anchumaí cairdiacha. Meastar go dtarlaíonn an éalang de bharr teip deighilte mar is gnách i gcrómasóm amháin i ngaiméit, de ghnáth sa bhaineannach. In ionad úbháin normálta le 23 crómasóm, cruthaítear ubhán le 24 crómasóm (dhá cheann de chrómasóm 21 ann). Nuair a thoirchítear an t-ubhán seo, bíonn crómasóm breise ag an suth. Ainmnítear an riocht as an lia Sasanach J. L. H. Down (1828-1896), ach tugtar mongólachas air freisin.