Siocaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil a fhásann suas le 120 cm ar airde, le bunfhréamh ramhar fhada. Dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice, ach tugadh isteach in an-chuid áiteanna eile é. Na duilleoga lansa-chruthach, maothánach nó fiaclach, an ceann uachtarach ag fáisceadh an ghais, na bláthchinn beagnach gan ghais, 2.5-4 cm ar leithead, geal gorm, go hannamh bándearg nó bán. Fástar go háitiúil mar ghlasra is planda leighis é. Úsáidtear na fréamhacha, triomaithe is meilte, in ionad an chaife.