Siobhán Parkinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSiobhán Parkinson
Beathaisnéis
Breith23 Samhain 1954
69 bliana d'aois
Laureate na nÓg (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, aistritheoir, teangeolaí, scríbhneoir litríocht pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis agus Béarla

Suíomh gréasáinsiobhanparkinson.com Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Éireannach is ea Siobhán Parkinson.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Parkinson i mBaile Átha Cliath agus tógadh í i mBaile Locha Riach, Contae na Gaillimhe, baile dúchais a máthar. Bhí sí ina cónaí i Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall, ar feadh roinnt blianta, arbh as a seanmháthair, agus d'fhreastail sí ar an meánscoil ann. D'fhill sí ar an bpríomhchathair ina dhiaidh sin chun freastal ar Choláiste na Tríonóide, sna 1970idí, áit a ndearna sí staidéar ar litríocht an Bhéarla agus ar an nGearmáinis. Bhain sí PhD amach sa bhliain 1981.

Scríbhneoir agus eagarthóir gairmiúil is ea í, agus tá clú uirthi go háirithe mar scríbhneoir don aos óg. Ghnóthaigh an t-úrscéal Sisters - No Way (O'Brien Press 1996), gradam Bisto Book of the Year, agus is iomaí gradam eile de chuid Bisto atá bainte amach ó shin aici.

Is deileadóir é a fear céile, Roger Bennett, agus tá siad ina gcónaí lena mac fásta, Matthew, in Áth Cilath, gar don chathair.

Tá spéis aici sa litríocht agus san fhilíocht, ach le déanaí tá míchumas radhairc tagtha uirthi, agus níl sí in ann leabhair a léamh. Is minic a éistíonn sí le closleabhair ar a seinnteoir MP3, agus í ag gabháil thart ar an mbus nó ag siopadóireacht. Taitnionn an taistil léi freisin, agus tá sí ina comheagarthóir i ar iris idirnáisiúnta Bookbird, agus deiseanna aici taisteal thar lear mar gheall ar an obair seo. Tá suim aici sna teangacha freisin, agus bíonn sí i gcónaí ag foghlaim teanga nua éigin.Is maith léi a bheith ag taisteal fosta, agus is comheagarthóir i ar iris idirnáisiúnta Bookbird, agus deiseanna aici taisteal thar lear mar gheall ar an obair sin.[1] Is i mBéarla a scríobhann sí an chuid is mó den am ach sa bhliain 2008 'fhoilsigh Cois Life Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir, an chéad leabhar aici i nGaeilge.

Leabhair do Pháistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Four Kids, Three Cats, Two Cows, One Witch (Maybe) (Bisto Merit Award)
  • The Moon King (Bisto Merit Award, Certificate of Honour for Writing by IBBY)
  • Sisters... No Way! (Bisto Book of the Year Award 1996/97)
  • Breaking the Wishbone
  • The Love Bean
  • Kathleen: The Celtic Knot
  • Second Fiddle
  • Something Invisible
  • Amelia
  • No Peace for Amelia
  • Animals Don't Have Ghosts
  • Cows Are Vegetarians
  • Blue Like Friday
  • The Henny Penny Tree
  • The Leprechaun Who Wished He Wasn't
  • Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir

Leabhair Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • All Shining in the Spring: The Story of a Baby Who Died
  • The Thirteenth Room

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]