Sinéad O'Connor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSinéad O'Connor

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Sinéad O'Connor
(mul) Magda Davitt
(mul) Shuhada' Sadaqat
Beathaisnéis
Breith(en) Sinéad Marie Bernadette O'Connor
8 Nollaig 1966
Gleann na gCaorach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Iúil 2023
56 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin, The Garden/G/5 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaAontachtóirí na hÉireann
ReiligiúnAn tIoslam Sunnaíoch
Scoil a d'fhreastail sé/síNewtown School, Waterford (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCnoc an Eanaigh
Deilginis
Bré
Londain
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, rac-cheol agus amhránaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1986 –  2023
Ball de
SeánraRac malartach, popcheol rac, reigé, rac-cheol tíre, college rock (en) Aistrigh, rac Ceilteach agus pop indie
Faoi thionchar
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Cineál guthaMeánsoprán

UirlisGiotár, ceol gutha, feadóg stáin, cnaguirlis agus pianó
Lipéad ceoilChrysalis Records
One Little Independent
Vanguard Records
Ensign Records
Nettwerk Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJohn Reynolds (1989–1991), colscaradh
Nick Sommerlad (2001–2002), colscaradh
Stephen Cooney (2010–2011), colscaradh
Barry Herridge (2011–2011), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíPeter Gabriel
Donal Lunny
John Waters
Richard Heslop
Frank Bonadio Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJake Reynolds
 ( John Reynolds)
Shane O'Connor Lunny
 ( Donal Lunny)
Roisin Waters
 ( John Waters)
Yeshua Bonadio
 ( Frank Bonadio) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn O’Connor (en) Aistrigh
SiblínJoseph O'Connor

Suíomh gréasáinsineadoconnor.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0640521 Allocine: 15224 Rottentomatoes: celebrity/sinead_oconnor Allmovie: p104823 Metacritic: person/sinead-oconnor
Facebook: sineadoconnor Twitter: SineadOConnor Instagram: sineadoconnorofficial Youtube: UCaJmMC7W6kU1QVaa1xb-2Hg Souncloud: sineadoconnor Spotify: 4sD9znwiVFx9cgRPZ42aQ1 iTunes: 287366 Last fm: Sinéad+O'Connor Musicbrainz: c78a77fa-507c-4c07-947a-0355029453bd Songkick: 289575 Discogs: 42895 Allmusic: mn0000756180 Find a Grave: 257068944 Deezer: 2974 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí agus cumadóir Éireannach ba ea Sinéad Marie Bernadette O'Connor (8 Nollaig 196626 Iúil 2023)[1] a raibh meas tuillte aici timpeall an domhain mar gheall ar a cumas ceoil ó na 1980idí ar aghaidh. Ba bhean í a raibh an-tóir ar fud an domhain ar a cuid ceoil.[2]

Bhí aithne uirthi chomh maith mar gheall ar a ceann bearrtha, a háilleacht is a cuid tuairimí conspóideacha Ag aois an-óg a d'aimsigh Sinéad an spotsholas agus d'úsáid sí an aird le solas a chaitheamh ní hamháin ar a cuid ceoil ach ar go leor eile ar nós an tslí ar caitheadh le mná in Éirinn chomh maith le mí-úsáid ghnéis, teifigh, ciníochas, an tabú a bhain leis an ngalar SIDA agus neart eile.[3] Ach is as feabhas a cuid ceoil agus as a guth binn mín is fearr agus is faide a bheidh cuimhne ar Shinéad.[4][5][6][7]

Sinead O'Connor 1987
1988

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba léir go raibh dúchas láidir ceoil inti go hóg ina saol. Agus Sinéad ar an mheánscoil, spreag a múinteoir Gaeilge í le ceithre hamhrán a thaifeadadh – dhá cheann a chum sí féin ina measc. Uaidh sin, thuill sí clú agus cáil as a cuid ceoil ní amháin mar amhránaí ach mar léiritheoir ceoil chomh maith.[4]

Leoga, agus gan í ach fiche bliain d’aois, léirigh sí a céad albam The Lion and the Cobra. Is léiriú ceart é ‘Troy’, an chéad singil a raghnaíodh as an albam sin, ar an drochbhail a tugadh uirthi le linn a hóige.[8] Bhain sí clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 ón albam sin.

D’éirigh go maith leis seo agus le halbaim eile a d’eisigh sí ina dhiaidh sin (féach uirthi in 1989 ar an Late Late).[9]

Bhain an t-amhránaí clú idirnáisiúnta amach lena dara halbam, I Do Not Want What I Haven’t Got, a seoladh in 1990 agus ar a raibh an leagan uathúil sin de Nothing Compares to U (amhrán de chuid Prince),[10] an t-amhrán is mó a tharraing aitheantas uirthi. Is ar a máthair a bhíodh sí ag smaointiú agus í á cheol, a dúirt sí (maraíodh a máthair go tobann i dtimpiste bóthair in 1985). Is cinnte gur sin an chúis ar chaoin sí nuair bhí siad ag scannánú an amhráin (blianta ina dhiaidh sin, dúirt sí gurbh iad a deora a tharraing daoine chuici ach nuair a bhí sí ag streacháilt i ndaríre is beag aird a bhí ag daoine uirthi).[8]

Bhí bua ar leith ag Sinéad maidir le liricí nach gcuireann aon fhiacail ann a chumadh.[11][12]

Thaifead Sinéad deich n-albam stiúideo ar fad lena linn. Bhí sí ábalta aon chineál ceoil a chasadh – reggae, pop, traidisiúnta, agus roc...[4]

cuma timpeall 1993, "Chiesa di Santa Maria Annunziata" san Iodáil

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur i mBéarla atá na hamhráin is mó cáil a chan Sinéad O’Connor, bhí dáimh ar leith aici leis an nGaeilge freisin.[13]

In 2002 d’eisigh Sinéad albam dar teideal Sean-Nós Nua ar a bhfuil dhá amhrán as Gaeilge mar atá Báidín Fheilimí agus Oró Sé do Bheatha 'Bhaile. Rinne sí seo le ‘claochlú, bás agus athbhreith an chultúir Ghaelaigh’ a léiriú, dar léi.[4] Léirigh a fear céile ag an am, Donal Lunny, cuid dá halbam Sean Nós Nua.[14]Chomh maith leis sin, bhí ‘Mná na hÉireann’ agus ‘Róisín Dubh’ i measc na n-amhrán a bhí aici agus ar an gcéad albam uaithi, The Lion and the Cobra, tá an t-amhránaí clúiteach Enya le cloisteáil ag rá Salm 91 ar an traic ‘Never Get Old’.

2008

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Sinéad O'Connor ar an 8u lá de mhí na Nollag 1966 - lá Mhuire gan Smál[15] - i mBaile Átha Cliath. I nGleann na gCaorach i ndeisceart an chontae a tógadh í. Bhí cúigear sa chlann.

Ba í a máthair mhór Kitty O’Grady a bhí ina máthair bhaistí aici agus bhí dáimh láidir idir an bheirt bhan - is deas na cuimhní a bhí ag Sinéad ar bheith istigh i dteach Kitty ina hóige.

Bhí saol beag corrach aici ina hóige. agus saol crua aici ó mhí-úsáid gnéis. Scar a tuismitheoirí nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois agus tharla i dtrioblóid í anois is arís ina dhiaidh sin.

Mhaigh sí gur bhuail an mháthair í, gur fhulaing sí mí-úsáid ghnéis agus gur tógadh i dteach an uafáis í. B’iomaí sin uair, a dúirt Sinéad, gur thug a máthair drochbhail uirthi. Dúirt sí gur fhág a máthair ar feadh coicíse sa ghairdín í agus gan í ábalta dul isteach sa teach le titim na hoíche - is mar gheall air seo a bhí fuath aici ar an chlapsholas agus í ina duine fásta.[8]

Chuaigh sí le cónaí lena hathair nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois. Ag an am seo, bhíodh Sinéad ag goid ó shiopaí. De bharr í a bheith ag goid, cuireadh isteach in ionad ceartúcháin an Ghrianáin í[16] nuair a bhí sí 15 bliain d'aois ar feadh 18 mhí.[17][18] Bhíodh an t-ionad seo ina neachtlann Magdalene lá den tsaol agus cé gur dhúirt Sinéad go raibh na mná rialta tíoránta uaireanta, is anseo a tugadh a céad ghiotár dí, rud a spreag í le dul i mbun gairme a chuirfeadh í ar stáitse an domhain.

Ní raibh fuath aici ar a máthair áfach agus briseadh a croí nuair a maraíodh a máthair i dtimpiste bóthair in 1985.[8]

Ramsbottom Music Festival, 2013.

Gníomhaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

2014

Bhí clú agus cáil uirthi mar ghníomhaí agus reibiliúnach. Bean dheisbhéalach ab ea Sinéad a labhair amach faoi ábhair éagsúla.[2] Thug Sinéad aghaidh ar ábhair nach raibh daoine eile sásta nó cróga go leor aghaidh a thabhairt orthu.

Ní raibh aon chur i gcéill i gceist le Sinéad, ar eagla nach ndíolfaí a cuid ceoil.[3] Ba chuimhin léi i dtús ama lucht bainistíochta ag iarraidh uirthi a cuid gruaige a fhás, smideadh a chur uirthi agus sciortaí gairide a chaitheamh, ach níor bhac sí leo.[8]

Ach bhí impleachtaí diúltachta agus dearfacha aige sin uirthi.

  • Saturday Night Live. Labhair sí amach in aghaidh mí-úsáide san Eaglais Chaitliceach in Éirinn sna 1980/1990dí, agus labhair sí amach roimh daoine eile. Mar shampla, ar 3 D.F. 1993, agus amhrán dar teideal “War” á cheol aici i Meiriceá ar an chlár Saturday Night Live, stróic sí grianghraf den Phápa Eoin Pól II. Dúirt sí gur mar gheall ar an mhí-úsáid ghnéis a bhí ar siúl san Eaglais a rinne sí é. Tharraing an gníomh droch-chlú uirthi ach tá go leor a rá le laethanta anuas go raibh sí fadbheathnaitheach.
  • Mother Bernadette Mary. Agus í ar an Late Late Show ar RTÉ ag deireadh na 1990í, dúirt Sinéad O'Connor gur mhian léi a bheith ina sagart Caitliceach ach amháin nach raibh cead aici.[19] Ach oirníodh ina sagart í le grúpa Caitliceach neamhspleách agus thug sí an t-ainm Mother Bernadette Mary uirthi féin.[4]
  • Cráifeachas. Cé nár aontaigh Sinéad O'Connor leis an easpa sonais a bhí sa chreideamh Caitliceach, ní raibh sí chomh diúltach sin faoi mar go ndeachaigh sí chun na Fraince le bheith oirnithe ina sagart. Ba Mhoslamach í ag an am a fuair sí bás. Chaith sí na blianta ag déanamh staidear ar an diagacht agus bhí an-chuid eolais aici faoi.
  • Sa bhliain 1990 d’fhógair sí nach mbeadh sí sásta ceol i Meiriceá dá gcasfaí amhrán náisiúnta Mheiriceá roimh cheann dá cuid ceolchoirmeacha ansin.

Saol casta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Sinéad aghaidh ar ábhair nach raibh daoine eile sásta nó cróga go leor aghaidh a thabhairt orthu agus bhí impleachtaí diúltachta agus dearfacha aige sin uirthi. Léirigh sí neart thar na beartaibh ach go háirithe agus í ag streachailt le galar intinne,[3]

Bhí Sinéad pósta roinnt babhtaí agus bhí ceathrar clainne uirthi.

Rinne Ioslamaí de O’Connor in 2018 agus d’athraigh sí a hainm go Shuhada' Sadaqat, ach choinnigh léi mar cheoltóir faoina hainm breithe.

timpeall 2015

Tragóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Sinéad ag streachailt le fadhbanna meabhairshláinte le fada. Sa bhliain 2015, bhí coirmeacha ceoil ar fud mhór-roinn na hEorpa curtha ar ceal aici ar chomhairle dochtúra.[20]

Cailleadh duine den chlann, a mac Shane, go tragóideach sa bhliain 2022, chuir an t-ógánach (17) lámh ina bhás féin.[21] An ceoltóir Donal Lunny ab ea a athair.[22]

Thángthas ar chorp Shinéad O’Connor ina hárasán i Londain ar 26 Iúil 2023, in aois a sé bliana déag agus dhá scór.[1][2] Fuair sí "bás le hadhairt", a dúirt an cróinéir ar an 9 Eanáir 2024, ach níor thug sé na sonraí beachta amach.[23]

Ar 8 Lúnasa, bhailigh na mílte daoine ar shráideanna Bhré, Contae Chill Mhantáin, chun Sinéad a chaoineadh. Tháinig an tsochraid fríd an bhaile tar éis seirbhís phríobháideach, a rinne Ard-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, an Dr Umar Al-Qadri.[24] Stop an tsochraid lasmuigh den teach a mbíodh Sinéad O’Connor ina cónaí ar feadh 15 bliain.[25] Bhí ceol Bob Marley agus a amhrán ‘Natural Mystic’ le cloisteáil ó veain a bhí ar cheann na sochraide.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim Stiúideo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim Tiomsú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim Beo[cuir in eagar | athraigh foinse]

SLí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Singlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Troy" (1987)
  • "Drink Before the War" (1987)
  • "Mandinka" (1987)
  • "I Want Your (Hands on Me)" le MC Lyte (1988)
  • "Jerusalem" (1988)
  • "Jump in the River" (1989)
  • "Nothing Compares 2 U" (1990)
  • "The Emperor's New Clothes" (1990)
  • "Three Babies" (1990)
  • "I Am Stretched on Your Grave" (1990)
  • "My Special Child" (1991)
  • "Silent Night" (1991)
  • "Success Has Made a Failure of our Home" (1992)
  • "Don't Cry For Me, Argentina" (1992)
  • "You Made Me the Thief of Your Heart" le Gavin Friday (1994)
  • "Thank You For Hearing Me" (1994)
  • "Fire on Babylon" (1994)
  • "Famine"/"All Apologies" (1995)
  • "This is to Mother You" (1997)
  • "This is a Rebel Song" (1997)
  • "Chiquitita" (1998)
  • "No Man's Woman" (2000)
  • "Jealous" (2000)
  • "Troy (The Phoenix From the Flame)" (2002)
  • "Oró Sé do Bheatha 'Bhaile" (2002)
  • "My Lagan Love" (2002)
  • "A Hundred Thousand Angels" (2003)
  • "Marcus Garvey" (2005)
  • "Throw Down Your Arms" (2005)
  • "I Don't Know How to Love Him" (2007)
  • "We People (Who Are Darker Than Blue)" (2007)
  • "The Wolf is Getting Married" (2012)
  • "4th and Vine" (2013)
  • "Old Lady" (2013)
  • "Take Me To Church" (2014)
  • "8 Good Reasons" (2014)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Celochoirm Sinéad O’Connor – Live at Vicar Street ar RTÉ: taifeadadh beo in Vicar Street sa bhliain 2002, bhí banna ceoil Shinéid in éineacht léi don léiriú seo. Chas sí na hamhráin aitheanta Molly Malone, My Lagan Love, Nothing Compares 2 U agus Fire On Babylon ar an gclár.[26]
  • The Meaning of Life le Gay Byrne (2009). Labhair Sinéad O’Connor faoin tionchar a bhí ag an tógáil chráifeach a bhí aici ar a saol agus faoi theacht chun cinn a cuid spioradáltachta féin.[27]
  • For One Night Only (2012) ar RTÉ. Ar an gclár seo thug Sinéad O’Connor Gay Byrne ar aistear ceoil a chuimsigh a gairm bheatha éagsúil. Labhair sí go hoscailte faoin gcaoi a raibh sí ag streachailt le dúlagar, lena creideamh, faoin áit ónár eascair a grá don cheol, faoina caidreamh lena máthair, faoin trioblóid a tarraingíodh uirthi mar gheall nach raibh faitíos uirthi labhairt amach srl.[28]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Sinéad O’Connor, acclaimed Dublin singer, dies aged 56". The Irish Times.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (26 Iúil 2023). "An t-amhránaí Sinéad O'Connor tar éis bháis". RTÉ. Dáta rochtana: 26 Iúil 2023.
  3. 3.0 3.1 3.2 Raidió na Gaeltachta / Philip King (2023-07-28). "Fís nua do mhná na tíre seo: Oidhreacht Shinéad O' Connor" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 CEA / ccea.org.uk. "Beatha le bua". Dáta rochtana: 2023.
  5. "Searching for "Sinéad O'Connor" | RTE.ie" (en). www.rte.ie. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  6. "Sinéad O'Connor celebrated" (en). RTE.ie (2023-07-26). Dáta rochtana: 2023-08-16.
  7. "RTÉ Archives | Sinéad O'Connor". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 Michelle Nic Pháidín (31 Iúil 2023). "Sinéad O’Connor - phléasc a solas fríd na scamaill < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  9. Sinéad O'Connor A Cappella (1989). ""I am stretched on your grave"" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  10. Shuhada' Sadaqa (2019). "'Nothing Compares 2 U' | The Late Late Show | RTÉ One" (as en). 
  11. Sampla den scoth é curfá ‘The Value of Ignorance’: "All those nights with my arse in your face and your words in my dreams. Now I know what the value of ignorance means"
  12. Alex Hijmans (10 Márta 2018). "Sinéad O’Connor, údar splancfhicsin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-26.
  13. NÓS (2023-07-29). "Na hamhráin Ghaeilge a chan Sinéad O'Connor" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-08-16.
  14. Éamonn Ó Dónaill (2002). "Donal Lunny" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-07-26.
  15. Ba dheas mar sin gurbh í a bhí i ról na Maighdine Muire sa scannán The Butcher Boy.
  16. An "Grianán Training Centre "  i mBÁC agus Order of Our Lady of Charity i mbun
  17. "Magdalene Laundries in Ireland" (as en) (2023-07-08). Wikipedia. 
  18. SPIN Media LLC (1990-04). "agallamh" (as en). "if you were bad, they sent you upstairs to sleep in the old folks' home. You're in there in the pitch black, you can smell the shit and the puke and everything, and these old women are moaning in their sleep ... I have never—and probably will never—experience such panic and terror and agony over anything.". 
  19. Late LateShow (1999). "Female Priest Sinéad O'Connor" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  20. Nuacht RTÉ (2015-07-22). "Seónna ar ceal ag Sinéad O'Connor spíonta" (as ga-IE). 
  21. Katherine Lawton (2023-07-26). "Sinead O'Connor's clip about son's suicide posted days before death". Mail Online. Dáta rochtana: 2023-07-26.
  22. "Sinead O’Connor sends moving message to son Shane’s father" (en). The Independent (2022-01-10). Dáta rochtana: 2023-07-26.
  23. Fionnuala Boyle (2024-01-09). "Sinéad O'Connor's cause of death confirmed by coroner after autopsy" (en). Irish Star. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  24. Conradh na Gaeilge Londain (12 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  25. "Na mílte cruinnithe cois cladaigh i mBré le slán a fhágáil le Sinéad O’Connor" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-08). Dáta rochtana: 2023-08-16.
  26. "RTÉ le hómós a thabhairt do shaol Shinéad O’Connor ar an Teilifís, ar an Raidió agus ar Líne – About RTÉ". about.rte.ie. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  27. Gay Byrne (2009). "Meaning of Life". Dáta rochtana: 2023.
  28. RTÉ Player (2012). "For One Night Only". Dáta rochtana: 2023.