Sincreatrón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Thig le sincreatróin an lae inniu a bheith thar a bheith mór. Seo an sincreatón Soleil sa Fhrainc.

Inneall é sincreatón a thógtar chun cáithníní fo-adamhacha (prótóin is leictreoin go háirithe) a luasghéarú. Treoraítear na cáithníní ar chonair chiorclach trí fheadán folúsaithe le maighnéid, agus luasghéaraítear iad le réimsí leictreacha minicíocht raidió. I meaisín mór féadfaidh gach bíog cáithníní imrothlú níos mó ná 10,000 uair in aghaidh an tsoicind, ag luasghéarú gach uair a théann tríd an réimse leictreach. Ní mór an réimse maighnéadach is an réimse leictreach minicíocht raidió a mhéadú ar bhealach sioncrónaithe chun an chonair a choimeád ciorclach le gach ardú luais. Suas le cuid mhaith ciliméadar ar trastomhas, ionstraimí tábhachtacha i bhfisic na gcáithníní.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sincreatrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 599.