Simon van der Meer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí is innealtóir a rugadh sa Hág ab ea Simon van der Meer (1925-2011). Ó 1956, ina innealtóir sinsearach ceannais sa bhfoireann i mbun an imbhuailteoir proton/frithphrótón i CERN sa Ghinéiv. Cheap sé an próiseas a dtugtar fuarú stóchastach air chun déine na léas cáithníní imbhuailte a mhéadú, rud a bhí bunúsach i bhfionnadh na gcáithníní W is Z0, iompróirí an fhórsa núicléach laig. Le Carlo Rubbia, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1984 as seo.