Siegfried & Roy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSiegfried & Roy

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsiamsóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1990 –  2010
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinsiegfriedandroy.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm4424651 Facebook: SARMOTI Musicbrainz: 948aa58f-a240-4c30-92a3-4c379644ae6f Discogs: 1896415 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba dhísreach siamsóirí Gearmánach-Mheiriceánacha iad Siegfried & Roy, a rugadh sna blianta 1939 agus 1944 sa Ghearmáin. Le blianta chuiridís seó le leoin agus tíogair bhána ar an stáitse in Las Vegas, Nevada. Rinneadh clár teilifíse dá seó faoin ainm Father of the Pride.

Rugadh Siegfried Fischbacher ar 13 Meitheamh 1939 in Rosenheim na Baváire. Rugadh Uwe Ludwig Horn (Roy) ar an 3 Deireadh Fómhair 1944 in Norchenham. Tógadh sa Ghearmáin iad, agus thug siad aghaidh ar na Stáit Aontaithe ní ba dhéanaí. Ghlac an bheirt acu saoránacht Mheiriceánach.

Ar 3 Deireadh Fómhair 2003, agus seó ar siúl acu san óstán Mirage in Las Vegas, rug Mordecore, tíogar fireann 7 mbliana d'aois, ar mhuineál Roy. Tharla gur bhuail taom de chineál éigin Roy móimint roimhe sin agus bhain sin geit as an tíogar. Ceapann Roy go raibh Mordecore ag iarraidh Roy a tharrtháil, go raibh sé ar intinn ag an tíogar Roy a tharraingt ón stáitse. D'iarr Roy ar dhaoine gan aon dochar a dhéanamh ar an tíogar. Cuireadh an Mirage deireadh le seó Siegfried & Roy, cé go ndeachaigh siad ar an stáitse roinnt uaireanta ina dhiaidh sin, uaireanta le Mordecore. D'éirigh Siegfried agus Roy as a saol gairmiúil sa bhliain 2010. Fuair Mordecore bás sa bhliain 2014 i ndiaidh tinnis ghearr. D'éag Roy Horn bás ar an 8 Bealtaine 2020 de bharr COVID-19. Cailleadh Siegfried Fischbacher ar an 13 Eanáir 2021. Bhí ailse air.

Siegfried & Roy in éineacht le leon bán

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]