Sidney Altman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sidney Altman

Bithcheimicí a rugadh i Montréal is ea Sidney Altman a rugadh ar 7 Bealtaine 1939. Thaispeáin sé gur féidir leis an móilín RNA é féin a athchóiriú chun an t-ábhar a tháirgeann sé a athrú, gan aon ghá le heinsím chuige. Mar sin, is féidir le RNA feidhmiú mar einsím air féin. Ba bhriseadh é seo trí bhac sa tuiscint ar phróisis ghéiniteacha. Roinn sé Duais Nobel sa cheimic le Thomas Cech i 1989 as an obair seo.