Shitao

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaíontóir Síneach a bhí i Yuanji Shi Tao, nó Zhu Ruoji (1642–1707).

Clár ábhair

[athraigh] Saol

Rugadh Zhu Ruoji i gcontae Quanzhou, i gcúige Guangxi, sa bhliain 1642. Bhain a athair, Zhu Hengjia, le huaisle na Ming. Feallmharaíodh Zhu Hengjia agus a mhuintir sa bhliain 1644 nuair a rinne na Manchúraigh concas ar an tír. D'éirigh le seirbhíseach éalú uathu leis an mac óg. Chuaigh sé go mainistir Bhúdaíoch. Sa mhainistir seo a tógadh an buachaill. Tar éis dó an mhainistir a fhágáil, thaistil sé go ceantair éagsúla ar fud na tíre. D'aistrigh sé ó Wuchang go hAnhui sna 1660í. Sna 1680í bhí cónaí air i Nanjing agus Yangzhou. Sa bhliain, 1690 d'aistrigh sé go Béising chun pátrún a fháil. Níor éirigh leis an iarracht seo áfach agus thiontaigh sé ina Thaoch sa bhliain 1693 agus d'fhill ar Yangzhou, mar ar fhan sé i dteaichín beag simplí go lá a bháis sa bhliain 1707.

[athraigh] Saothar

Bhí sé ina challagrafóir agus ina fhile. An phéintéireacht is mó a thuill clú dó, áfach.

10,000 Pointe Gránna, an chuid dheis de scrolla, dúch ar pháipéar, 1685

[athraigh] Tionchar

Bhí an-tionchar ag stíl Shi Tao ar phéintéirí mar [1] :

[athraigh] Tagairtí

  1. Trois mille ans de peinture chinoise, Yang Xin, Richard M. Barnhart, Nie Chongzheng, James Cahill, Lang Shaojun, Wu Hung, Éditions Philippe Picquier, ISBN 2-87730-667-4

[athraigh] Naisc

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile