Shell chun Sáile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaShell chun Sáile
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinshelltosea.com Cuir in eagar ar Wikidata
Agóid SCS ag an ambasáid Éireannach i Londain, Mí Eanáir 2007

Ba fheachtas agóidíochta, sna blianta 2005-2008 go háirithe, in iarthuaisceart Mhaigh Eo Shell chun Sáile (SCS) (i mBéarla Shell to Sea). Bhí na hagóideoirí ag iaraidh brú a chur ar Shell gás na Coiribe a scagadh amach ón gcósta. Mheas siad go raibh na pleananna a bhí ag Shell contúirteach agus go mbeadh truailliú ann.[1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

2008ː agóid "Shell chun Sáile" i mBÁC
Na Gardaí agus agóideoir, Béal an Átha Buí, Mí Shamhna 2006

Chaith an Cúigear Ros Dumhach, baill Shell chun Sáile, trí mhí i bpríosún le díspeagadh cúirte.[2] Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Mícheál Mac Dubhghaill agus taoisigh gnó áitiúla go raibh an feachtas Shell chun Sáile faoi smacht Shinn Féin.

Ba bhall Shinn Féin duine amháin de Chúigear Ros Dumhach, agus bhí an páirtí go láidir as son an fheachtais.

Ní raibh ach polaiteoir Fhianna Fáil amháin i bhfabhar, Tadhg Ó Cuinn ó Bhéal an Mhuirthead. Thug an Comhaontas Glas tacaíocht freisin don agóid roimh dhul isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil i Meitheamh 2007. Bhí go leor TDanna neamhspleácha, agus baill eicínt Pháirtí an Lucht Oibre i leith an fheachtais freisin. Thug an Ceann Comhairle Meiriceánach, Nancy Pelosi, a tacaíocht freisin, nuair a bhuaigh Willie Corduff, duine de Chúigear Ros Dumhach, an Duais Chomhshaoil Goldman ar son na hEorpa.

Bhí a lán agóidí ag an láithreán tógála i mBéal Átha na Buí, agus go minic bhí roinnt baill den Gharda Síochána an-fhoréigneach, go háirithe i Mí Shamhna 2006. [1].

Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid). Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.

Iarscríbhinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid).[3] Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Non-Renewable Energy in Ireland". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  2. Youtube (2008). "Shell Chun Sáile" (as en). 
  3. Nuacht RTÉ (2015-10-09). "Ceadúnas bronnta ar Shell scaglann gáis a fheidhmiú" (as ga). 
  4. "Energy crisis: Corrib gas field operator tells Taoiseach Michéal Martin they can extract fuel for another decade" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-09-01.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]