Shay Given

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Shay Given (Séamus Mac Dhuibhín)
Airde: 1.85
Dáta Breithe: 20 Aibreán, 1976
Áit Breithe: Leifear,Contae Dhún na nGall
Tìr: Éire
Club: Newcastle United
Uimhir: 1
Post: Cúl Báire
Foireann
Náisúinta:
Éire
Capíní(Cúil): 80 (0)

Cúl báire sacair Éireannach is ea Séamus "Shay" Given (Séamus Mac Dhuibhín). Rugadh i Leifear i gContae Dhún na nGall é sa bhliain 1976. Ba é Ceiltigh Ghlaschú an chéad chlub a shínigh sé leis nuair a bhí sé ina leaid óg. Rinne sé an turas fada go hAlbain agus é sé bliana déag d'aois. Chaith sé cúpla bliain ann. Tháinig feabhas ar a chuid scileanna de réir a chéile agus é ag traenáil in éineacht le cúl báirí oilte ar nós Packie Bonner (Pádraig Ó Cnaimshí), Gordon Marshall agus Stewart Kerr. I mí Eanáir na bliana 1994, bhí sé i measc na n-ionadaithe don chluiche Old Firm in aghaidh na Raonaithe.

Níos deanaí sa bhliain sin, d'fhág sé Parkhead agus d'imigh sé go Lancashire, Sasana áit a thosaigh sé ag imirt le Blackburn Rovers. Nuair a bhí sé ann, thug Mick McCarthy deis don Given óg imirt mar chúl báire le foireann na hÉireann. D'imir sé an chéad chluiche lena thír dhúchais in aghaidh na Rúise sa bhliain 1996, agus thug sé taispeántas réasúnta maith. Ag an am céanna, bhí sé deacair dó a áit a choimeád i bhfoireann Blackburn Rovers, toisc go raibh an cúl báire Sasanach Tim Flowers ann chomh maith. Mar sin, chuaigh sé ar dtús go dtí Swindon Town agus ansin go dtí Sunderland chun taithí a fháil. Cheannaigh Newcastle United é sa bhliain 1997 áit inár choinnigh a áit idir na postaí nach mór ó shin.


Déileálann an stumpa seo le imreoir sacair. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí