Shannon Lucid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Shannon Lucid

Spásaire is bithcheimicí ó na Stáit Aontaithe is ea Shannon Lucid (1943-). I 1996 rinne sí curiarracht maidir le fad misean spáis na Stát Aontaithe, tar éis 188 lá a chaitheamh i bhfithis sa stáisiún spáis Mir. Bronnadh Bonn Onóra Spáis na Comhdhála uirthi, an chéad bhean a fuair an onóir seo.