Shakira

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Shakira
Shakira at Obama Inaugural (cropped).jpg
Shakira sa bhliain 2008
Tír An Cholóim
Gníomhach 1990 – anois
Seánra(í) ceoil Pop-cheol
Suíomh gréasáin Suíomh oifigiúil

Amhránaí agus cumadóir amhrán Colómach is ea Shakira Isabel Mebarak Ripoll, (2 Feabhra, 1977 a rugadh í). Canann sí as Spáinnis agus as Béarla.

Clár ábhair

[athraigh] Breith

Rugadh Shakira ar an 2 Feabhra 1977 i mBarranquilla na Colóime. Is iad Nidya del Carmen Ripoll Torrado agus William Mebarak Chadid a tuismitheoirí.

[athraigh] Ainm

In Araibis, ciallaíonn Shakira "buíoch". Foirm bhaininscneach den ainm Shakir atá ann. Baisteadh an t-ainm Isabel uirthi in ómós do mháthair a hathar. Is sloinne Catalónach é Ripoll.

[athraigh] Ceol

Chuidigh feidmeannach de chuid Sony Colombia (Ciro Vargas) léi conradh a fháil. Seoladh an chéad albam uaithi Magia (draíocht) sa bhliain 1991. Níor éirigh go maith leis an albam seo, agus nior éirigh go maith leis an dara halbam, Peligro, ach oiread. Rinneadh aisteoir teilifíse di ansin. D'fhill sí ar an gceol sa bhliain 1995 leis an albam Pies Descalzos agus ba é an t-albam sin a thuill cáil di. Tá breis is 50 milliún albam diolta aici anois.

[athraigh] Aisteoireacht

Bhí ról Luisa Maria aici sa telenovela El Oasis sa bhliain 1995. Bhi sí páirteach in eipeasóid de chuid Ugly Betty, "The Bahamas Triangle", i mí na Samhna 2009. Sa bhliain 2010 bhí sí páirteach in eipeasóid de chuid Wizards of Waverly Place.

[athraigh] Cuid dá halbaim

  • Magia (1991)
  • Peligro (1994)
  • Pies Descalzos (1995) Díoladh: 6 milliún
  • The Remixes (1997)
  • ¿Dónde Están Los Ladrones? (1998) Díoladh: 8 milliún
  • MTV Unplugged (2000) Díoladh: 2.5 milliún
  • Laundry Service (2001) Díoladh: 13 milliún
  • Grandes Éxitos (2002) Díoladh: 2 milliún
  • Live & Off the Record (2004) Díoladh: 2 milliún
  • Fijación Oral vol. 1 Bealtaine (2005) Díoladh: 7 milliún
  • Oral Fixation vol. 2 Samhain (2005) Díoladh: 9 milliún
  • Oral Fixation [Deluxe edition vol.1 + vol.2]+[Bonus single] Márta (2006)



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile