Sféar bráisléadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cruinneog neamhaí, a d'úsáid na réalteolaithe Gréagacha den chéad uair, ina léirítear an spéir le creatlach lom de chiorcail thrasnaíocha, agus an Domhan i lár baill. Tábhachtach anallód chun ionaid réaltaí a thomhas. Tógadh an chéad cheann Síneach sa 4ú céad RC, agus bhí ceann ar 20 tonna meáchain acu san 11ú céad. D'fhéadfadh go raibh eolas air san Eoraip faoin mbliain A.D. 1300. Forbraíodh échun buntús na réalteolaíochta a theagasc; níor measadh riamh é a bheith ina uirlis chruinn ach bhí meas ar a cháilíochtaí maisiúla. Is é atá ann creatchruinneog de linte samhailteacha a sheasann don domhan agus dá fhadlinte.[1]

Sféar bráisléadach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sféar bráisléadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 594.