Seosamh Ó Longáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Ó Longáin
Beathaisnéis
Breith1817
Bás1880
62/63 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríobhaí, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Seosamh Ó Longáin (1817-1880) ar na scríobhaithe gairmiúla deireanacha Gaeilge.[1][2] Deartháir le Peadar Ó Longáin, scríobhaí suntasach eile, ba ea é, agus ba é a n-athair Mícheál Óg Ó Longáin, scríobhaí agus file iomráiteach.

Bhain na deartháireacha leis an tríú glúin de threabhchas scríobhaithe ó Chontae Chorcaí, dream a sholáthair an t-uafás lámhscríbhinní, go háirithe sa 19ú haois. Rinne Seosamh féin os cionn céad lámhscríbhinní, agus tugadh beirt acu (An Táin agus Brisleach Mhór Mhuighe Muirtheimhne) chomh fada leis an Astráil. Bhí lámh dheas shoiléir aige.

Ba dheacair teacht ar leabhair Ghaeilge le linn Uí Longáin ach bhí éileamh ar ábhar na lámhscríbhinní (dánta, stair agus seanscéalta) i gceantair na Gaeilge. Léifí iad os ard i lúb chruinnithe, nó d'iarrfadh daoine deisiúla (sagairt, feirmeoirí láidre, corrdhuine uasal) ar scríobhaí lámhscríbhinní a chóipeáil dóibh. Nuair a cailleadh an Longánach bhí ré an scríobhaithe thart, agus ba ghearr go dtosódh ré na clódóireachta sa Ghaeilge.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó LONGÁIN, Seosamh (1817–1880) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-22. Dáta rochtana: 2011-08-27.
  • Meamram Páipéar Ríomhaire: lámhscríbhinní scanáilte agus lámhscríbhinní san Astráil ó lámh na Longánach san áireamh, le nótaí le Pádraig Ó Macháin.
  • Ó Ciosáin, Niall: Print and Popular Culture in Ireland, 1750-1850, MacMillan Press Ltd, 1997.