Seosamh Ó Duibhginn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Ó Duibhginn
Beathaisnéis
Breith1914
Contae Ard Mhacha, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1994
79/80 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Eagarthóir agus scríbhneoir as Contae Ard Mhacha ab ea Seosamh Ó Duibhginn (19 Aibreán 191417 Feabhra 1994). Tá sé le háireamh ar an mbeagán daoine arbh í iriseoireacht na Gaeilge a slí bheatha ar feadh na coda is mó dá saol.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seosamh Ó Duibhginn i i ndeisceart Ard Mhacha sa bhliain 1914, agus bhí baint aige agus é fós ina ógánach le hArm Phoblacht na hÉireann. Ba é sin ba chúis lena chur faoi ghlas i bpríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste in aois a naoi mbliana déag.

D'oibrigh sé mar sclábhaí i Learpholl i ndeireadh na dtríochaidí. Faoi 1938 bhí sé á oiliúint ag an IRA chun go mbeadh sé ar dhuine de na hoifigigh oibríochta a stiúródh feachtas buamála agus sabaitéireachta i Sasana an bhliain dár gcionn. Ba é a bhí i gceannas i Learpholl agus ar feadh tamaill i Manchain chomh maith.[1]

Ar ais in Éirinn agus ag obair mar ghlasaire, gabhadh é ag cruinniú i gCearnóg Pharnell 17 Feabhra 1940. As sin go 16 Samhain 1943 bhí sé ina ghéibheannach i bPríosún Mountjoy agus ansin i gCampa Coinneála an Churraigh i rith an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a fuair a athair bás ní ligfí amach chun na sochraide é.[1]

D'fhoghlaim sé Gaeilge ó Mháirtín Ó Cadhain, sárúdar agus gníomhaí, le linn dóibh beirt a bheith i gCampa an Churraigh, agus níos déanaí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a raibh Ó Cadhain ar dhuine de na léachtóirí. Bhí Ó Duibhginn ina bhall d’Ailtirí na hAiséirighe, dream radacach Gaeilge.

Bhí luí aige leis an scríbhneoireacht, ach b’fhada go ndeachaigh sé i gceann na ceirde sin. Sa bhliain 1954 chuidigh sé leis an gClóchomhar Tta, foilsitheoir Gaeilge, a bhunú. Ina chathaoirleach ar Choiste na Leabhar dó bhí lámh aige i leabhair le Máirtín Ó Direáin, Seán Ó Tuama agus Dónall MacAmhlaigh a fhoilsiú.

Bhí Ó Duibhginn ina bhall de Chonradh na Gaeilge, de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus de Bord na Leabhar Gaeilge. Bhí sé ina eagarthóir páirtaimseartha ar 'Feasta', iris oifigiúil Chonradh na Gaeilge, anuas go dtí an bhliain 1963. Ina dhiaidh sin bhí post lánaimseartha aige mar eagarthóir Gaeilge do Scéala Éireann agus é ag scríobh 'An Mhuintir Seo Againne' agus ' I Mo Thuairimse ', colúin sheachtainiúla.

Chuaigh sé ar scor sa bhliain 1979, agus fuair sé bás sa bhliain 1994.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé i mbun pinn é féin sa bhliain 1960 nuair a chuir sé 'Dónall Óg', amhrán a mhair ina lán leaganacha, in eagar[2]. Tháinig roinnt saothar eile óna lámh: An Muircheartaigh (1970), Séamus Mac Giolla Choille (1972) agus dhá dhírbheathaisnéis - Ag Scaoileadh Sceoil (1962) agus Tuairisc (1982).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 ainm.ie (2009). "Ó DUIBHGINN, Seosamh (1914–1994)". Dáta rochtana: 2022.
  2. O’Duibhguinn, Seosamh. Dónall Óg – Taighde ar an amhrán. An Clóchomhar, Dublin, 1960

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cartlann an DuibhginnighSliocht as Ag Scaoileadh Sceoil Curtha i gcartlann 2008-08-08 ar an Wayback Machine