Seirbheachóras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas atá rialaithe ag seirbhimheicníocht, fearas aschuir ardchumhachta atá rialaithe ag comhartha ordaithe ó fhearas ísealchumhachta ionchuir. Ceartaíonn an seirbheamótar an difríocht idir an t-aschur éilithe is an fíoraschur, ag baint feidhm as siarchothú. Dá thoradh sin aimplítear an iarracht. Samplaí is ea coscadh is stiúradh cumhachtchúnta. De réir a chéile tá micrifhearais nó micrimheaisíní ag teacht in úsáid mar ghníomhróirí i seirbheachórais chun réada in innill, tionsclaíochtaí is obráidí máinliachta a bhogadh go cruinn trí fhaid an-bhídeacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seirbheachóras". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 591.