Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSeirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann
Sonraí
Ainm gearrPSNI Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpóilíní Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitConstáblacht Ríoga Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh4 Samhain 2001

2000Police (Northern Ireland) Act 2000 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinGeorge Hamilton (en) Aistrigh (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Buiséad646 M£ Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpsni.police.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: PoliceServiceNI Twitter: policeserviceni Instagram: policeservice.ni Cuir in eagar ar Wikidata
Meirge SPTÉ

Is í Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) nó an Police Service of Northern Ireland (PSNI) an tséirbhís péas i dTuaisceart Éireann.

Bunaíodh an SPTÉ ar an 4 Mí na Samhna 2001 mar chomharba ar an gConstáblacht Ríoga Uladh (RUC), mar thortha d'Athbhreithniú Póilíneachta molta ag Comhaontú Aoine an Chéasta. Bhí sé mar choinníoll den comhaontú Coimisiún Neamhspleách ar Phóilíneacht do Thuaisceart Éireann a chur ar bun, ar a dtugadh an Coimisiún Patten mar gheall ar a chathaoirleach, Chris Patten. Tacaíonn an páirtí polaitíochta Sinn Féin, a dhéanann ionadaíocht do thart ar an ceathrú cuid de mhuintir Thuaisceart na hÉireann, leis an SPTÉ.

Tá polasáí idirdhealaithe dearfaigh ag an SPTÉ de 50% dá chuid péas a liostáil as cúlra Caitliceach Rómhánach agus an 50% eile a liostáil as cúlraí neamh-Caitliceacha Rómhánacha, mar leigheas don easchothromaíocht ghéarr Phrotastúnach a bhíodh ann san RUC. Cumadh ainm agus siombailí na seirbhíse nach dtuga siad ar pobal amháin cúl a thabhairt don pobal eile. Ar a suaitheantas tá an cros Phádraig agus sé shiombail a bhaineann le traidisiúin difriúla agus coiteanna: an choróin, an chláirseach, an tseamróg, an mheá dlí agus cirt, an tóirse, agus an chraobh labhrais.

Tá an tseirbhís arna stiúradh ag an mBord Póilíneachta Thuaisceart Éireann.

Ardchonstáblaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ardchonstábla a thugtar ar an bpéas sinsearach i gceannas na SPTÉ. Tá triúr duine ann a ghlac leis an bpost seo:

  • Ardchonstábla Sior Ronnie Flanagan OBE, ó thús bhunú na SPTÉ. Bhí Flanagan Ardchonstábla ar an RUC roimh ré.
  • Ardchonstábla Sealadach Colin Cramphorn, ón 1 Aibreán 2002 ar aghaidh. Bhí Cramphorn mar LeasArdchonstábla do Fhlanagan roimh ré, agus nuair a éirigh Flanagan as an bpost rinne Cramphorn an obair Ardchonstábla agus a raibh an Bord Póilíneachta ag lorg ar ionadaí buan. Meastar gur dhiúltaigh Cramphorn an post buan sin mar gheall ar na dualgais polaitiúla a bheadh i ndán do sa post.
  • Ardchonstábla Sior Hugh Orde OBE, ón 29 Bealtaine 2002. Lean Cramphorn ar aghaidh mar LeasArdchonstábla d'Ord suas chun Meán Fómhair 2002, nuair a ainmníodh é mar Ardchonstábla do Phéas Yorkshire Thiar.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sa bhliain 2020, ghabh an Príomh-Chonstábla Simon Byrne leithscéal le beirt iriseoirí, Barry McCaffrey agus Trevor Birney, as ruathair a tugadh ar a dtithe agus a n-oifigí i mBéal Feirste in 2018.[1]
  • Tharla sceitheadh eolais de chuid na SPTÉ ar 8 Lúnasa 2023. Scaoil an SPTÉ féin ainmneacha agus sonraí fostaíochta póilíní agus lucht oibre de (SPTÉ nó PSNI) ar shuíomh idirlín. Rinne an SPTÉ an ollbhotún seo mar fhreagra ar Iarratas ar Shaoráil Faisnéise.[2] Níor éirigh Simon Byrne as a phost mar Prhíomh-Chonstábla.
  • Foireann Fiosruchán Stairiúil: cuireadh deireadh leis in 2014

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Póilín Ní Chiaráin, (Iúil 19 2020). "Leithscéal gafa ag an bPríomh-Chonstábla le hiriseoirí – ach ní leor é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  2. Nuacht RTÉ (2023-08-10). "Bord Póilíneachta an Tuaiscirt ag plé an tsárú ar shonraí" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Garda Síochána na hÉireann | Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann