Seipticéime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Láithreacht is méadú baictéar in imshruthú na fola. Tugtar nimhiú na fola go coitianta uirthi. Is féidir go dtarlóidh sí mar chuid d'ionfhabhtú ginearálta cosúil le tíofóideach, nó mar aimhréidh ionfhabhtaithe áitiúil cosúil le niúmóine nó ostaemiailíteas de bharr raon baictéar difriúil. Bíonn duine atá thíos léi an-tinn le fiabhras mór, agus muna bhfaightear cóireáil chuí, téann an riocht in olcas trí thurraing sheipteach go dtí an bás féin.