Seiceamar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seiceamóir)
Seiceamar
Acer-pseudoplatanus.JPG
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Plantae
Aicme: Eudicots
Ord: Sapindales
Fine: Sapindaceae
Géineas: Acer
Linnaeus
Acer pseudoplatanus

Is crann scaipeach duillsilteach é an seiceamar (nó seiceamóir). Is é Acer pseudoplatanus a ainm Laidine.[1] Fásann 35 m ar airde, agus tá sé dúchasach do lár is deisceart na hEorpa agus iarthar na hÁise. Na duilleoga 10-15 cm ar leithead, roinnte go bosach i 5 mhaothán fiaclach. Na bláthanna scothbhuí gan pheitil i gcrobhaingí crochta. Fástar go forleathan é mar mhaisiúchán is foscadh. Téann sé chun síl agus scaipeann gan bhac. Tá an seiceamar cosúil leis na crainn maiple atá sa ghéineas Acer chomh maith, agus mar sin gaolta leis.

Tagairtí[athraigh | edit source]