Seargadh ríse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar fungasach a dhéanann loit ar dhuilleoga, gais is panacail na ríse. Bíonn cailliúint shuntasach, fiú cliseadh an bhairr i rís páirce báite mar thoradh air. É seo ba chúis leis an ngorta sa Bheangáil sna 1940idí déanacha nuair a fuair na milliúin bás in oirthear na hIndia is an Bheangáil Thoir (an Bhanglaidéis anois). Annamh anois mar gur tugadh isteach saghsanna frithsheasmhacha.