Seanfhocal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Bíobla: Leabhar na Seanfhocal

Abairt ghonta is ea an seanfhocal a úsáidtear sa ghnáthchaint le fírinne a chur in iúl atá bunaithe ar shaoltaithí an chine dhaonna nó ar thuiscint thraidisiúnta an duine ar an saol.

Meafar a bhíonn i gceist le seanfhocal go minic. Tá a cuid seanfhocal féin ag gach teanga, ach bíonn seanfhocail mhaithe ag dul ó theanga go teanga, cosúil leis na seanscéalta. Cuid mhaith de na seanfhocail choitianta Éireannacha, is féidir iad a fháil beagnach focal ar fhocal i dteangacha nach bhfuil lúb ghaoil acu leis an nGaeilge ná leis an mBéarla.

Seanfhocail Ghaeilge[1][cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An áit a mbíonn na mná, bíonn caint.
  • An dall ag déanamh bóthair don bhacach; giollacht an daill don dall; na daill ag déanamh an eolais dá chéile[2]
  • An té a bhuailtear sa chloigeann, bíonn faitíos air.
  • An té nach n-iompróidh a chóta lá fliuch, ní bheidh sé aige drochlá.
  • Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán.
  • Briseann an dúchas trí shúile an chait.
  • Caidrigh an coimhthíoch ach ná taobhaigh é.
  • Giollacht an daill don dall; le Bruegel
    Céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. (Gearmáinis: Die Katze lässt das Mausen nicht - ní éiríonn an cat as marú na luch. Is é sin, is dual do chách nósanna a mhuintire féin.)
  • crochta as an sreangán (Is éard a chiallódh sé sin go mbeadh sé i gcontúirt, i nguais nó i mbaol)[3]
  • I ndeireadh a gcoda troideann na coileáin.
  • Is deacair ceann críonna a chur ar ghuaille óga.
  • Is fearr an t-ádh ná éirí go moch.
  • Is fearr éan sa lámh ná dhá cheann ar an gcraobh.
  • Is gaire cabhair Dé ná an doras.
  • Is gaire do bhean leithscéal ná a naprún.
  • Is minic a bhí bromachán giobadach ina chapaillín cumasach. (Is é sin, tagann ciall le haois.)
  • Is minic a bhris béal duine a shrón.
  • Is treise dúchas ná oiliúint.
  • Más cam díreach an ród is é an bóthar mór an t-aicearra.
  • Ní breáthacht a chuirfidh an pota ag fiuchadh.
  • Ní fhulaingtear bás faoi dhó.
  • Ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán ón tobar.
  • Ní hí an bhean is áille is troime ciall.
  • Ní thagann caonach ar chloch reatha. (Seanfhocal idirnáisiúnta eile é seo. Fionlainnis: Vierivä kivi ei sammaloidu - ní thagann caonach ar chloch atá ag dul timpeall. Íoslainnis: Sjaldan er gras vaxið um oft hrærðan stein - is annamh a bhíonn féar ag fás ar chloch a bhogtar go minic.)
  • Níor dhún Dia bearna riamh nár oscail Sé ceann eile. (Leagan eile: Níor dhruid Dia doras riamh nár oscail Sé ceann eile.)
  • Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag damhsa. (Seanfhocal thar a bheith idirnáisiúnta é seo. Mar shampla, deir na Fionlannaigh: Kun kissa on poissa, hiiret hyppivät pöydällä = Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag léimnigh ar an mbord.)
  • gur fearr a bheith díomhaoin ná drochghnóthach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga. "'Nach deas é" site:.tuairisc.ie - Cuardach Google". Colún ar tuairisc.ie le www.google.com. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  2. "blind leading - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for blind leading by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  3. "Nach deas é? Tá sé crochta as an sreangán…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-28.