Seanad Barbadós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Seanad Barbadós an teach uachtarach de chuid Pharlaimint Barbadós. Cuimsíonn an Phairlimint, i dteannta an tSeanaid, Teach an Tionóil agus an Tiarna (a bhfeidhmíonn Seanascal ar son).

Is é an Seanascal, mar ionadaí na Banríona, a cheapann an 21 seanadóir go hoifigiúil. Ceapann sé 12 ball ar mholadh an Phríomh-Aire agus 2 bhall ar mholadh Cheannaire an Fhreasúra. Ceapann sé an 7 ball eile de réir a rogha féin.

Le bheith incheaptha mar Sheanadóir, ní mór don duine 21 blian d'aois a bheith gnóthaithe aige, agus bheith ina shaoránach de chuid Bharbadós, agus cónaí air sa Bharbadós le feadh an 12 mí dheireanach.

Naisc[athraigh | edit source]