Seacht gCnoc na Róimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seacht gCnoc na Róimhe

Is gnách "cathair na seacht gcnoc" a thabhairt ar an Róimh, agus is iad Seacht gCnoc na Róimhe an seacht gcnoc atá suite taobh istigh de bhallaí na seanchathrach a théann siar go laethanta na hImpireachta:

  • Cnoc Aventinus (Béarla: Aventine, Iodáilis: Aventino)
  • Cnoc Caelius (Béarla: Caelian, Iodáilis: Celio)
  • Cnoc Capitolinus (Béarla: Capitoline, Iodáilis: Campidoglio nó, i stíl ath-Laidinithe, Capitolino)
  • Cnoc Esquilinus (Béarla: Esquiline, Iodáilis: Esquilino)
  • Cnoc Palatinus (Béarla: Palatine, Iodáilis: Palatino; d'úsáidtí an leagan Palatium sa Laidin chomh maith le Palatinus)
  • Cnoc Quirinalis (Béarla: Quirinal, Iodáilis: Quirinale)
  • Cnoc Viminalis (Béarla: Viminal, Iodáilis: Viminale)



De réir an tsean-nóis, bunaíodh an bhunchathair ag Romulus ar an gCnoc Palatinus.

Dob iad seo seacht gcnoc na sean-Róimhe ná: an Cermalus, Palatium, agus Velia (trí bhinn an Chnoic Palatinus), an Cispius, Fagutalis, agus Oppius (trí bhinn an Chnoic Esquiline), agus an Sucusa. Dob éachtach iad i miotaseolaíocht, i gcreideamh, agus i bpolaitíocht na Róimhe. [soiléiriú in easpa]

De réir an tsean-nóis, mion-bhailte a bhí suite ar na seacht gcnoc dob ea iad, agus ní haithíodh nó ní hadmhaíodh mar chathair ar a dtugtaí Róimh iad. Thosnaigh daoine na seacht gCnoc páirt a ghlacadh i sraith cluichí reiligiúnacha, a rinneadh bráithreachas idir na dreamaí. Bunaíodh cathair na Róimhe, dá bhrí sin, agus tosnaíodh na dreamaí scartha ag obair le chéile. Rinneadh na gleannta riascacha eatarthu a dhraeineáil agus rinneadh margaí agus fóraim díobh.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile